Isaac Herzog Óg

polaiteoir Iosraelach

Uachtarán ar Stát Iosrael is ea Isaac Herzog Óg (a rugadh ar 22 Meán Fómhair 1960 i dTel Aviv).[1]

Infotaula de personaIsaac Herzog Óg

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(he) יצחק הרצוג
Beathaisnéis
Breith22 Meán Fómhair 1960
63 bliana d'aois
Pardes Hanna-Karkur, Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
11 Uachtarán Iosrael
2 Meitheamh 2021 –
← Reuven Rivlin
Ball den Knesset
31 Márta 2015 – 31 Iúil 2018 – Robert Tiviaev →
Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) Aistrigh
Ball den Knesset
5 Feabhra 2013 – 31 Márta 2015
Téarma parlaiminte: 19th Knesset (en) Aistrigh
Ball den Knesset
24 Feabhra 2009 – 5 Feabhra 2013
Téarma parlaiminte: 18th Knesset (en) Aistrigh
Ball den Knesset
18 Nollaig 2008 – 24 Feabhra 2009
An tAire Leasa agus Seirbhísí Sóisialta
21 Márta 2007 – 17 Eanáir 2011
← Ehud OlmertMoshe Kahlon →
Aire Turasóireachta
4 Bealtaine 2006 – 21 Márta 2007
Ball den Knesset
17 Aibreán 2006 – 18 Nollaig 2008
Ball den Knesset
17 Feabhra 2003 – 17 Aibreán 2006
Téarma parlaiminte: list of members of the sixteenth Knesset (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tel Aviv
Ollscoil Nua-Eabhrac
Ollscoil Cornell
Ramaz School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheTel Aviv
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirHerzog, Fox & Ne'eman (en) Aistrigh
Jewish Agency for Israel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Lucht Oibre na hIosrael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus An Eabhrais
Teaghlach
CéileMichal Herzog Cuir in eagar ar Wikidata
AthairChaim Herzog  agus Aura Herzog
SiblínMichael Herzog
Duine muintearthaYitzhak HaLevi Herzog (seanathair athartha) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm2336709 Facebook: IsaacHerzog Twitter: Isaac_Herzog Instagram: isaacherzog Telegram: IcHaKeR Cuir in eagar ar Wikidata
Isaac Herzog agus a sheanathair, an 'Sinn Féin rabbi'
2004

Is mac le iar-Uachtarán Stát Iosrael é, an Ginearál Chaim Herzog (1918-1997), a rugadh i mBéal Feirste. Is garmhac leis an iar-Príomhraibí Iosrael é, Isaac Herzog (1888-1959), a bhí ina raibí i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath; tugadh an "Sinn Féin Rabbi" air sna 1910idí-1920idí.

2014

Is iar-Aire agus iar-Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre é.[2] Bhí sé ina chomhalta den Knesset idir 2003 agus 2018.

I mí an Mheithimh 2018 toghadh é mar Chathaoirleach ar Ghníomhaireacht Ghiúdach Iosrael, agus mar uachtarán ar Iosrael sa bhliain 2021.

le Joe Biden, 2016

Saol cuir in eagar

Muintir cuir in eagar

Is garmhac leis an Raibí Yitzhak HaLevi (Isaac) Herzog (1888-1959) agus mac leis an nGinearál Chaim Herzog (1918-97) é. An séú hUachtarán ar Stát Iosrael (1983-93) ab ea Chaim Herzog, a rugadh i mBéal Feirste agus a tógadh i mBaile Átha Cliath é.

 
le Angela Merkel,2019

Bhí Isaac Herzog Mór ina Ard-Raibí na hÉireann idir 1921 agus 1936. Duine a bhí go láidir i bhfabhar an phoblachtachais Éireannaigh agus a raibh Gaeilge líofa aige, thugtaí "Raibí Shinn Féin" air ar feadh tamaill áirithe agus bhí Cearbhall Ó Dálaigh ina chara ag Chaim Herzog i laethanta a óige. Bhí Isaac Herzog Mór ina Ard-Raibí Aisceanásaíoch ar an bPalaistín ó 1936 go 1948 agus ina Ard-Raibí ar Iosrael ina dhiaidh sin go dtí go bhfuair sé bás.

Tús a shaoil cuir in eagar

 
lena bhean, Michal, 2017

Sa bhliain 1960 i dTel Aviv a rugadh Isaac Herzog Óg. Chaith sé cuid dá óige i Nua-Eabhrac, tráth a bhí a athair ina Ambasadóir chun na Náisiún Aontaithe (1975-78). Fuair sé céim sa dlí ó Ollscoil Tel Aviv agus chuaigh sé isteach sa ghnólacht dlí Herzog, Fox & Neeman (i measc na ngnólachtaí dlí is mó le rá in Iosrael, a chomhbhunaigh a athair sa bhliain 1972).[1]

Ar nós a athar, bhí Isaac Óg ina pholaiteoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Iosrael.

Polaitíocht cuir in eagar

Bhí Isaac Óg ina bhall den Knesset idir 2003 agus 2018 agus go leor uaireanta ina Aire sna blianta sinː

  • Tithíochta & Tógála, 2005;
  • Turasóireachta, 2006-7;
  • An Diaspóra, Na Sochaí, agus An Chomhraic in aghaidh An Fhrith-Sheimíteachais, 2007-09;
  • Seirbhísí Leasa ⁊ Sóisialta, 2007-11).

Bhí Isaac Óg ina ina chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre Iosrael ó 2013 go 2017, agus ina chomhchathaoirleach ar an Aontas Síónach ó 2014 go 2017. Bhí sé ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2013 go 2018.

Sa bhliain 2018 a toghadh ina chathaoirleach ar an An nGníomhaireacht Ghiúdach d’Iosrael é agus dhírigh sé ar an mbearna idir an bpobal Giúdach agus Stát Iosrael a líonadh.

Uachtarán cuir in eagar

Ar 2 Meitheamh 2021, toghadh Herzog Óg ina Uachtarán ar Stát Iosrael, le dul in oifig ar an 9 Iúil 2021.

Bhuail sé Miriam Peretz 87 go 26 i vóta an Knesset ar cé atá le bheith ina chéad Uachtarán eile. Sheas an bheirt acu mar iarrthóirí neamhspleácha.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2 Meith. 2021). "Herzog Óg". Dáta rochtana: 3 Meith. 2021.
  2. Office of the President of Ireland. "Diary President Receives Mr Isaac Herzog Son Of Former President Of The State Of Israel Chaim Herzog On The 100th Anniversary Of The Birth Of His Father" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-04-18.