Scríbhneoir é Jacques Godbout a rugadh i Québec, Ceanada ar 27 Samhain, 1933.

Infotaula de personaJacques Godbout

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Samhain 1933
90 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síCollège Jean-de-Brébeuf (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreIriseoireacht tuairimíochta, scannán, scannán faisnéiseach agus Canadian literature (French) (en) Aistrigh
Suíomh oibre Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir litríocht pháistí, iriseoir tuairime, scríbhneoir scripte scannáin, documentarian (en) Aistrigh, scríbhneoir scripte, úrscéalaí, file, stiúrthóir scannán, drámadóir, scríbhneoir, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNational Film Board of Canada Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0323744 Allocine: 13626 Allmovie: p91805 Cuir in eagar ar Wikidata

Ghnóthaigh sé céim mháistir san Université de Montréal sa bhliain 1954 le tráchtas faoi Arthur Rimbaud, agus ceapadh é ina léachtóir fealsúnachta agus Fraincise in Ollscoil Addis Ababa na hAetóipe.

D’fhill sé ar Cheanada i 1957 agus bhí sé ag obair mar scríbhneoir scripte le Bord Scannán Cheanada ó 1958–1960, ina stiúrthóir Fraincise (1970) agus ina léiritheoir agus ina eagarthóir. Bhí a ghairm mar fhile, úrscéalaí, fear aistí, drámadóir agus iriseoir á chur chun cinn aige an am céanna.

Bhunaigh sé an reiviú Liberté i 1958. Foilsíodh trí leabhar filíochta dá chuid: Carton-pâte (1956), Les Pavés secs (1958) agus C’est la chaude loi des hommes (1960). Bronnadh an duais Prix Dupau ón Académie française air ar son a chéad úrscéil, L’aquarium (1962), agus an Governor General’s Literary Award i 1973 ar son Salut Galarneau! (1967).

I measc na leabhar eile a scríobh sé tá L’isle au dragon (1976), Les Têtes à Papineau (1981), agus Une Histoire américaine (1986) faoi chultúr Mheiriceá agus an Fhraincis i Meiriceá Thuaidh tar éis reifreann 1980. Foilsíodh Le Temps des Galarneau (1993) agus Opération Rimbaud i 1999. Ag an am céanna bhí scannáin ficsin agus faisnéise á ndéanamh aige, ina measc Kid Sentiment (1968), IXE-13 (1971), Deux épisodes de la vie d'Hubert Aquin (1979), Comme en Californie (1983), Alias Will James (1988), Le Sort de l'Amérique (1996) agus Anne Hébert (2000).

Ghnóthaigh sé an Prix Duvernay, an prix Belgique-Canada agus Eurofipa onórach i 1997 ar son a chuid scannánaíochta. Bhí sé ina stiúrthóir agus ina bhunaitheoir ar L’Actualité agus bhunaigh sé Cumann Scríbhneoirí Québec (UNEQ) (1977–1978). Tá sé ina fhoilsitheoir agus ar bhord stiúrtha Éditions du Boréal ón mbliain 1987 i leith.

Mar iriseoir, bhí ábhar dá chuid i gcló sna hirisí seo leanas: Les Nouvelles Littéraires, Maclean's, Lettres françaises, L'Actualité, Le Jour, Cité libre, Parti pris, Vie des arts agus Le Devoir. Bhí sé ar bhunaitheoirí an ghluaiseacht Fhéinrialtais Mouvement Souveraineté-Association as ar tháinig an Parti québecois ina dhiaidh sin.

Rinneadh clasaic de chuid litríocht Québec de Salut Galarneau! go mear tar éis a fhoilsithe, mar gheall ar a ghreann agus a léargas géar ar scitsifréine lucht Fraincise Cheanada, a bhí ag maireachtáil ar nós na Meiriceánach, ach a dteanga agus a gcultúr féin acu i gcónaí. Tá cónaí air i Montréal.

Gaeilge cuir in eagar

I mí Mhárta 2012 chuir na foilsitheoirí Coiscéim leagan Gaeilge de Salut Galarneau! i gcló. Is é Iarla Mac Aodha Bhuí an t-aistritheoir.

Tagairtí cuir in eagar