James Hogg

file agus úrscéalaí Albanach (1770–1835)

File agus scríbhneoir i mBéarla agus san Albainis ab ea James Hogg (177021 Samhain 1835).[1] Nuair a bhí sé óg, bhí sé ag obair sa talmhaíocht mar aoire agus tréadaí, agus fuair sé a chuid oideachais ina aonar trí léamh pearsanta.[2] Bhí sé ina chara ag mórán scríbhneoirí clúiteacha a bhí beo ag an am, Walter Scott ina measc. Fiú scríobh Hogg beathaisnéis neamhoifigiúil ar Scott.[3] Bhí clú is cáil air mar an "Tréadaí Eadaraig" (Ettrick Shepherd), agus d'úsáid sé an leasainm sin nuair a foilsíodh a lán leabhar a scríobh sé. Ina theannta sin, d'úsáid sé an t-ainm sin mar ainm carachtair sa tsraith chlúiteach Noctes Ambrosianae, a bhí foilsithe san iris Blackwood's Magazine.[4] Tá cáil air fós sa lá atá inniu mar gheall ar an úrscéal The Private Memoirs and Confessions of a Justified Sinner. I measc na rudaí eile a scríobh sé, tá dáin mar The Queen's Wake (1813), bailiúchán amhrán Jacobite Reliques (1819), agus dhá úrscéal eile, The Three Perils of Man (1822) agus The Three Perils of Woman (1823).

Infotaula de personaJames Hogg

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Nollaig 1770
Eadaraig, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Samhain 1835
64 bliana d'aois
Eadaraig, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, beathaisnéisí, úrscéalaí, scríbhneoir, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraLitríocht Ghotach
TeangachaAn Albainis agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne

IMDB: nm0389710 Musicbrainz: b7ea3c0e-9a82-467c-878c-7a88b08badd9 Discogs: 779603 IMSLP: Category:Hogg,_James Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhair cuir in eagar

  • The Mountain Bard (1807)
  • The Forest Minstrel (1810)
  • The Queen's Wake (1813)
  • The Pilgrims of the Sun (1815)
  • Brownie of Bodsbeck (1817)
  • Jacobite Reliques (1819)
  • The Three Perils of Man (1822)
  • The Three Perils of Woman (1923)
  • The Private Memoirs and Confessions of a Justified Sinner (1824)
  • Queen Hynde (1925)
  • Songs by the Ettrick Shephard (1831)
  • The Brownie of the Black Haggs (1828)
  • The Domestic Manner and Private Life of Sir Walter Scott (1834)
  • Tales and Sketches of the Ettrick Shepherd (1837)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hughes, Gillian, 1995. "James Hogg". The Literary Encyclopedia. [1]
  2. Beathaisnéis, BBC
  3. Karl Miller, The Electric Shepherd: A Likeness of James Hogg, 2004
  4. Hogg, James (2004). Anecdotes of Scott. Dún Éideann: Edinburgh University Press. lgh. v-vi. ISBN 0-7486-2085-0