James Ussher

Ardeaspag Ard Mhacha

Scoláire is ardeaspag Ard Mhacha, a saolaíodh i mBaile Átha Cliath, duine de na fo-chéimithe tosaigh i gColáiste na Tríonóide ab ea James Ussher (1581-1656).[1] Diagacht Chailvíneach a bhí aige, agus cáineadh é de bhrí gur cheadaigh sé iolrachas is gur chuir i gcoinne aistriú Gaeilge Bedell ar an mBíobla.

Infotaula de personaJames Ussher

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Eanáir 1581
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Márta 1656
75 bliana d'aois
Reigate, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
Bishop of Carlisle (en) Aistrigh
1642 (Iúlach) – 1643 (Iúlach)
← Barnaby Potter (en) AistrighRichard Sterne (en) Aistrigh →
Anglican Archbishop of Armagh (en) Aistrigh
1625 (Iúlach) – 21 Márta 1656 (Iúlach)
← Christopher Hampton (en) AistrighJohn Bramhall (en) Aistrigh →
Ardeaspag
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMuintir na hÉireann
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart, fealsamh, scríbhneoir, diagaire, staraí, Ardeaspag Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
Spéis aige/aici iChronology of the Bible (en) Aistrigh
TeangachaAn Laidin agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéilePhoebe Challoner (1614–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElizabeth Tyrrell Cuir in eagar ar Wikidata
AthairArland Ussher  agus Margaret Stanihurst

Find a Grave: 134153276 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobh sé go fairsing ar stair eaglasta, diagacht is luathstair na hÉireann. Ina phríomhshaothar Annales Veteris et Novi Testamenti (Annála an tSean-Tiomna is an Tiomna Nua, 1650-1654) shaothraigh sé córas cróineolaíochta ón mBíobla a d'áirigh dáta na Cruthaíochta mar 4004 RC, agus glacadh leis seo ar feadh cúpla céad bliain.

Tar éis a bháis chinn an Rí Searlás II go gcuirfí a stór leabhar i gColáiste na Tríonóide.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “USSHER, James (1581–1656) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Hussey, Matt (2011). "James Ussher". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 694.