Is aisteoir Beilgeach é Jean-Claude Camille François Van Varenberg a rugadh ar an 18 Deireadh Fómhair 1960 agus a dtugtar Jean-Claude Van Damme, nó JCVD, air go proifisiúnta. Tá cáil ar Jean-Claude mar mháistir ealaíona comhraic, mar aisteoir, mar stiúirtheoir, agus as an bhfógra Volvo a rinne sé le déanaí beag (Samhain, 2013).

Infotaula de personaJean-Claude Van Damme

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(nl) Jean-Claude Camille François Van Varenberg
18 Deireadh Fómhair 1960
63 bliana d'aois
Berchem-Sainte-Agathe - Sint-Agatha-Berchem, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteJean-Claude Van Damme Cuir in eagar ar Wikidata
Grúpa eitneachBelgian Jews (en) Aistrigh
Meáchan78 kg
Airde176 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmealaíontóir comhraic, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1983 –
TeangachaBéarla, an Fhraincis agus an Ollainnis
Spórtcearáité Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Céileluach anaithnid (1980–1984), colscaradh
luach anaithnid (1985–1986), colscaradh
Gladys Portugues (1987–1992), colscaradh
Darcy LaPier (1994–1997), colscaradh
Gladys Portugues (1999–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKristopher Van Varenberg
 ( )
Bianca Bree
 ( Gladys Portugues) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEugene Van Varenberg (en) Aistrigh  agus Eliana Van Varenbergh (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjcvdworld.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0000241 Allocine: 9081 Rottentomatoes: celebrity/jeanclaude_van_damme Allmovie: p72739 TCM: 196681 Metacritic: person/jean-claude-van-damme TV.com: people/jean-claude-van-damme AFI: 256833
Facebook: JCVDworld Twitter: jcvd Instagram: jcvd Youtube: UCeIXvKs4HbvnVD9aTN90rEw Discogs: 2184102 Cuir in eagar ar Wikidata

Seo sciar de na scannáin is cáiliúla leis: Bloodsport (1988), Kickboxer (1989), Universal Soldier (1992), Hard Target (1993), Street Fighter (1994), Timecop (1994), Sudden Death (1995), JCVD (2008) agus The Expendables 2 (2012). Tá liosta níos iomláine thíos.

Ealaíona comhraic cuir in eagar

Thosaigh Jean-Claude ag foghlaim a cheirde ag aois an-óg, bhí sé aon bhliain déag d'aois nuair a thosaigh sé ag freastal ar an Centre National De Karaté (Ionad Náisiúnta Karate) sa Bheilg agus Claude Goetz ina mháistir aige. Bhí sé ceithre bliana ag traenáil nuair a ainmníodh ar fhoireann karate na Beilge é. Ina dhiaidh seo a thosaigh sé ar an karate teagmháil iomlán agus an chic-dhornálaíocht, ba Dominique Valera a thraenálaí ag an bpointe seo.

Obair Aisteoireachta cuir in eagar

Tá an-cháil ar Jean-Claude as na scannáin ealaíona comhraic agus aicsin a rinne sé idir 1984 agus nóchaidí, ach ní hiad seo amháin atá déanta ag an mBeilgeach ildánach. Cé gur ceap magaidh an seánra seo in amanna, d'fhéadfá rá go raibh an-rath ar chuid mhaith dá scannán agus na milliúin dollar tuillte ag Universal Soldier ($101 milliún) agus Timecop (os cionn $100 milliún) ón ndíoloifig.

Dúirt Sylvester Stalone go raibh seans maith ann go mbeidh carachtar Jean-Claude, Claude Villain, sa chéad leagan eile de The Expendables, The Expendables 3, ach tá an baol ann gur Mel Gibson a bheas ina phríomhbhithiúnach.

Bliain Ainm an Scannáin Ról Nótaí Breise
1984 Monaco Forever Fear Aerach le Karate -
1984 Breakin' Sa lucht féachana Gan chreidiúint
1986 No Retreat, No Surrender Ivan Krushensky Tugadh Karate Tiger ar an scannán freisin
1987 Bloodsport Frank Dux Cóiréagrafaí troideanna, scríbhneoir, eagarthóir, a chéad phíosa oibre le Bolo Yeung.
1988 Black Eagle Andrei Tugadh Red EagleRed Hunter ar an scannán freisin.
1989 Cyborg Gibson Rickenbacker Eagarthóir
1989 Kickboxer Kurt Sloane Scríbhneoir, Tugadh Karate Tiger 3 ar an scannán freisin.
1990 Death Warrant Louis Burke -
1990 Lionheart Lyon Gaultier Cóiréagrafaí troideanna, Scríbhneoir, tugadh LeonAbsent Without Leave ar an scannán freisin.
1991 Double Impact Alex Wagner / Chad Wagner Stiúirtheoir, Scríbhneoir.
1992 Universal Soldier Luc Deveraux / GR44 A chéad phíosa oibre le Dolph Lundgren.
1993 Last Action Hero É féin -
1993 Nowhere to Run Sam Gillen -
1993 Hard Target Chance Boudreaux -
1994 Timecop Max Walker -
1994 Street Fighter Colonel William F. Guile -
1995 Sudden Death Darren McCord -
1996 Maximum Risk Alain Moreau / Mikhail Suverov -
1996 The Quest Christopher Dubois Eagarthóir, Scríbhneoir.
1997 Double Team Jack Quinn -
1998 Knock Off Marcus Ray -
1998 Legionnaire Alain Lefevre Scríbhneoir, Léiritheoir.
1999 Universal Soldier: The Return Luc Deveraux Léiritheoir
1999 Inferno Eddie Lomax Léiritheoir, tugadh Desert Heat ar an scannán freisin.
2001 The Order Rudy Cafmeyer / Charles Le Vaillant Scríbhneoir
2001 Replicant Edward "The Torch" Garrotte / Replicant -
2002 Derailed Jacques Kristoff -
2003 In Hell Kyle LeBlanc -
2004 Wake of Death Ben Archer -
2004 Narco Taibhse Jean-Claude, le Lenny -
2006 The Hard Corps Phillip Sauvage -
2006 Second in Command Sam Keenan -
2006 The Exam Charles -
2007 Until Death Anthony Stowe -
2008 The Shepher: Border Control Jack Robideaux A chéad phíosa oibre le Scott Adkins
2008 JCVD JCVD Léiritheoir Feidhmiúcháin.
2010 Universal Soldier: Regeneration Luc Deveraux A chéad phíosa oibre le Andrei Arlovski. Seoladh srianta in Iosrael, i Singeapór, i bPoblacht na nOileán Filipíneach, sa Mhalaeisia, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, san India, san Iordáin, sa Liobáin, san Iodáil, sa tSeapáin, agus sa Phacastáin.
2011 Kung Fu Panda 2 Master Croc Mar ghuth-aisteoir.
2011 Assassination Games Vincent Brazil Seoladh srianta i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa Rúis, agus san Úcráin. Ina Léiritheoir Feidhmiúcháin. Tugadh Weapon ar an scannán freisin.
2011 Beur sur la Ville Colonel Merot -
2012 Rzhevskiy vs. Napoleon É féin -
2012 Dragon Eyes Jean-Luis Tiano A chéad phíosa oibre le Cung Le agus Peter Weller.
2012 The Expendables 2 Jean Vilain -
2012 Universal Soldier: Day of Reckoning Luc Deveraux
2012 Six Bullets Samson Gaul -
2012 George George -
2013 Enemies Closer Xander -
2014 Swelter Stillman -
2014 Welcome to the Jungle Storm Rotchild -
2014 Full Love Frenchy -

Teilifís cuir in eagar

Bliain Ainm an Chláir Ról Nótaí Breise
1996 Friends É féin (Séasúr 2, Eagráin 12–13)
2004 Las Vegas É féin (Séasúr 1, Eagrán 15)
2009 Robot Chicken É féin, Count Dracula, Rhett Butler Guth-aisteoir (Séasúr 4, Eagrán 12)
2011 Jean Claude Van Damme: Behind Closed Doors É féin (Séasúr 1, Eagrán 8)
2011 Les Anges Gardiens É féin (Séasúr 1, Eagrán 20)

Duaiseanna agus ainmniúcháin cuir in eagar

Bliain Teideal na hOibre Duais Ról Toradh
1988 Bloodsport Golden Rasberry Award Réalt Nua is Measa Ainmnithe
1992 Double Impact MTV Movie Award Fear is Tarraingtí Ainmnithe
1993 Nowhere to Run MTV Movie Award Fear is Tarraingtí Ainmnithe
1994 Hard Target MTV Movie Award Fear is Tarraingtí Ainmnithe
1994 Hard Target MTV Movie Award Sraitheog Aicsin is Fearr Ainmnithe
1994 Hard Target Saturn Award Scannán Uafáis is Fearr Ainmnithe
1998 Double Team Golden Raspberry Award Leannáin is Measa (le Dennis Rodman) Buaite
1999 Legionnaire Saturn Award Seoladh Fístéipe is Fearr Ainmnithe
2001 Replicant Video Premiere Award Aisteoir is Fearr Ainmnithe
2008 JCVD Silver Leopard Aisteoir is Fearr Ainmnithe
2008 JCVD Chlotrudis Award Aisteoir is Fearr Ainmnithe
2009 JCVD TFCA Award Taibhiú is Fearr, Fireann Ainmnithe