Amhránaí ceoldráma Sualannach ab ea Johanna Maria LindJenny Lind mar ab fhearr aithne uirthi (6 Deireadh Fómhair 18202 Samhain 1887). An Filiméala Sualannach (Sualainnis: Den Svenska Näktergalen) an leasainm a tugadh uirthi. Ba shoprán í a raibh ráchairt mhór uirthi i dtuaisceart na hEorpa sna 1840idí agus a raibh dlúthbhaint aici le Mendelsson. D'éirigh go seoigh lena turas sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1850. Bhí sí ina ball de Acadamh Ríoga Cheoil na Sualainne ó 1840 i leith.

Infotaula de personaJenny Lind

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Deireadh Fómhair 1820
Paróiste Klara, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Samhain 1887
67 bliana d'aois
Malvern, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaGreat Malvern Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, múinteoir ceoil, amhránaí ceoldrámaíochta, aisteoir stáitse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1838 –
FostóirOllscoil Londan Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraCeol clasaiceach agus ceoldráma
Mac/iníon léinn de chuidManuel Patricio Rodríguez García agus Karl Magnus Craelius
Mac/iníon léinnLiza Lehman
Faoi thionchar
TeangachaAn tSualainnis agus Béarla
Cineál guthaColoratura soprano (en) Aistrigh

UirlisCeol gutha
Teaghlach
CéileOtto Goldschmidt (1852–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJenny Maria Catharina Goldschmidt Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Jenny Lind tour of America, 1850–52 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IBDB: 84184
Musicbrainz: 324564b3-398b-4428-97b2-af4002ef54fd IMSLP: Category:Lind,_Jenny Allmusic: mn0001701279 Find a Grave: 7050588 Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú Jenny Lind i ndiaidh a pósta ar Otto Goldschmidt

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Lind i Stockholm. Múinteoir scoile ab ea a máthair agus rith sí a scoil féin a d'fhreastail ar chailíní. Chan Jenny ar an stáitse den chéad uair agus í 10 bliana d'aois. An chéad ról mór a bhí aici ná Agathe in Der Freischütz de chuid Weber sa bhliain 1838 ag Opera Roga na Sualainne. Theip ar a guth tar éis tamaill, ach rinne sí staidéar le Manuel García i bPáras (1841–1843) agus d'éirigh leis an bheirt acu a guth agus a gairm a tharrtháil.

Cheap P. T. Barnum di turas Mheiriceá a thabhairt agus chuaigh sé a chaint le Jenny Lind sa bhliain 1849. Ghlac sí leis an bplean mar bheadh na suimeanna airgid i gceist chomh mór gurbh fhéidir léi a tionscadail charthanacha ina tír dhúchasach a chur chun cinn, go mór mhór scoileanna saor in aisce. Chaith sí dhá bhliain i Meiriceá. Phós sí Otto Goldschmidt sa bhliain 1852 agus chuaigh siad ar ais go dtí an Eoraip sa bhliain chéanna. Bhí triúr páistí acu.

 
Chéad cheolchoirm Jenny Lind i Meiriceá, ar 11 Meán Fómhair 1850 in Castle Garden, Cathair Nua-Eabhrac

Chuir sí fúithi i Sasana sa bhliain 1855. Fuair sí bás in Malvern, Worcestershire sa bhliain 1887.[1]

Léitheoireacht cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Rosen, "Lind, Jenny (1820–1887)"

Naisc sheachtracha cuir in eagar