Fealsamh, teoiricí an dlí agus leasaitheoir sóisialta ba ea Jeremy Bentham (15 Feabhra 1748 - 6 Meitheamh 1832). D'fhorbair sé idé-eolaíocht an fhóntachais.

Infotaula de personaJeremy Bentham

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Feabhra 1748
Houndsditch (Ríocht na Breataine Móire)
Bás6 Meitheamh 1832
84 bliana d'aois
Londain (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnDias
Scoil a d'fhreastail sé/síThe Queen's College (1760–)
Scoil Westminster (1755–1760) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, dlí, fealsúnacht shóisialta, cearta sibhialta agus polaitíochta agus cearta sibhialta
Suíomh oibre Sasana Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, gníomhaí ar son cearta ainmhithe, saineolaí dlí, scríbhneoir, eacnamaí, leasaitheoir Protastúnach, gníomhaí ar son chearta an duine, eolaí polaitiúil, gníomhaí ar son cearta vótála, ceannaí, dlíodóir, teoiricí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Eagnaíocht
GluaiseachtFóntachas
Ainm cleitePhilip Beauchamp
Gamaliel Smith Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJeremiah Bentham  agus Alicia Woodward Grove
SiblínSamuel Bentham
Síniú

Find a Grave: 3365 Cuir in eagar ar Wikidata
Bentham le Thomas Frye, 1760-1762

Saol cuir in eagar

 
Bentham le Joseph Wright[1]

Céimí de chuid Choláiste na Banríona, Ollscoil Áth na nDamh ba ea Bentham sa bhliain 1763 (Master 1766). Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1769 ach ní raibh sé i gcleachtadh riamh.[2]

Thug smaointe Bentham ugach tábhachtach do na daoine a chuir Ollscoil Londan (UCL faoi láthair) ar bun mar an gcéad ollscoil lántuata i Sasana. Ní raibh baint dháiríre ag Bentham le bunú na hinstitiúide nua, ach amháin go ndearna sé cinnte de gur ceapadh a protégé John Austin ina chéad Ollamh le Dlí-eolaíocht ar an ollscoil. Mar sin féin, mar aitheantas ar an spreagadh a thug sé dá bunú, tá a chnámharlach mar chreatlach don "féin íocón" a bhíonn ar taispeáint i UCL de ghnáth.[2]

 
Teach tábhairne Benthan, Bloomsbury, Londain

Cé nach raibh sé ina Ollamh le Dlí-eolaíocht in Ollscoil Londan ach ar feadh ocht mbliana, is téacs bunaidh an phosaitíbheachais dhlíthiúil é The Province of Jurisprudence Determined (1832) le John Austin.

Fealsúnacht cuir in eagar

Mar bhunaitheoir fhealsúnacht an fhóntachais i bhfoirm nua-aimseartha, rinne Bentham cáineadh géar ar choincheapa mar an dlí nádúrtha agus na cearta nádúrtha ("seafóid ar chosa taca").[2]

Teoiricí an dlí cuir in eagar

Moladh sé go díograiseach cuíchóiriú a dhéanamh ar dhlí Shasana agus, go háirithe, é a chódú. Ina theannta sin, feictear an bhéim a chuir sé ar luach na trédhearcachta (agus an fhaireachais) sna mholtaí a rinne sé maidir le hathchóiriú an chórais choiriúil, an Panopticon go mór mór. Cé nár tógadh a leithéid sin d'áras riamh réir na sonraíochta a chuir Bentham chun cinn, bhí tionchar ag an smaoineamh sin ar dhearadh na bpríosún sa naoú haois déag agus, mar mheafar don smacht sóisialta agus don easpa príobháideachais, is slat tomhais é fós i ndíospóireachtaí comhaimseartha.[2]

Bhí Bentham i measc na bhfealsamh nua-aimseartha a rinne an cás is luaithe san Iarthar ar son chearta ainmhithe agus gníomhartha homaighnéasacha a dhéanamh dleathach (sa dara cás, argóint nár foilsíodh den chéad uair roimh 1931).[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Jeremy Bentham (1748–1832) | Art UK" (en). artuk.org. Dáta rochtana: 2021-06-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Jeremy Bentham". Dáta rochtana: 2018.