Jim Jarmusch

stiúrthóir, léiritheoir, eagarthóir, scríbhneoir agus aisteoir scannáin

Is stiúrthóir, léiritheoir, eagarthóir, scríbhneoir agus aisteoir scannáin é Jim Jarmusch. Saolaíodh James R. Jarmusch ar an 22ú Mí Eanáir 1953 in Akron, Ohio i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tosaíodh a slí bheatha mar stiúrthóir scannáin leis an scannán Permanent Vacation i 1980.

Infotaula de personaJim Jarmusch

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) James Roberto Jarmusch
22 Eanáir 1953
71 bliana d'aois
Cuyahoga Falls, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Columbia
Scoil Tisch de chuid Ollscoil Nua-Eabhrac
Medill School of Journalism (en) Aistrigh
Cuyahoga Falls High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmstiúrthóir scannán, scríbhneoir, eagarthóir scannán, ceoltóir, léiritheoir scannáin, aisteoir, scríbhneoir scripte, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1979 –
Ball de
SeánraNo wave (en) Aistrigh
GluaiseachtNo Wave Cinema (en) Aistrigh
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáirtíSara Driver Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0000464 Allocine: 1057 Rottentomatoes: celebrity/jim_jarmusch Allmovie: p95892 TCM: 94307 TV.com: people/jim-jarmusch
Musicbrainz: f5e020a5-eda9-4bce-bf98-dee60351a0ec Songkick: 3715771 Discogs: 376346 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí agus tá clú agus cáil ar Jarmusch leis na criticí mar stiúrthóir scannáin neamhspleách ach ní raibh ag éirigh leis sa Scannán Mór Ratha (Box Office) go dtí gur sheol sé an scannán Ghost Dog: The Way Of The Samurai agus arís leis an scannán Coffee & Cigarettes. D’éirigh ar fheabhas leis sa Scannán Mór Ratha lena scannán nua Broken Flowers i 2005 le Bill Murray mar phríomh-aisteoir.

Tá Jarmusch pósta leis an stiúrthóir scannáin Sara Driver, scríobh siad an scripte don scannán You are not I le chéile i 1981. Bhí Driver mar léiritheoir ar Stranger Than Paradise agus deirtear go bhfuair sé an inspioráid don le haghaidh Broken Flowers uaithi.[1] Scríobh Jim Jarmusch agus John Yau an leabhar Original Sin: Visionary Art of Joe Coleman i 1998.[2]

Saol agus Saothar cuir in eagar

Oideachas cuir in eagar

Rinne Jarmusch céim sa Bhéarla in Ollscoil Columbia sa Stáit Aontaithe agus ansin chuaigh sé ar aghaidh gan aon taithí oibre sa scannánaíocht le áit a fháil sa “New York University's Tisch School of the Arts”. Bhí sé ag obair ansin mar chúntóir leis an scannánaí Nicholas Ray. Thug Nicholas Ray cabhair dó airgead a fháil ar dheontas leis an scannán Permanent Vacation a stiúradh. Bhí air Permanent Vacation a dhéanamh mar tionscnamh tráchtais. Ní bhfuair sé a chéim ó NYU toisc go raibh na Ollaimh san ollscoil traochta leis an tráchtas d'ainneoin go raibh na criticí sásta leis ach b'éigean dóibh céim onórach a thabhairt dó nuair a bhí sé ag éirigh níos cáiliúla.

Gradaim cuir in eagar

  • Buaiteoir - Bronnadh duais Josef von Sternberg san fhéile idirnáisiúnta scannáin i Mannheim-Heidlberg. (1980 - Permanent Vacation)
  • Bhain Jim Jarmusch Palme d'Or le haghaidh Coffee and Cigarettes - Somewhere in California don gearrscannán is fearr i 1993 i bhféile scannáin Cannes.
  • Bhí scannán is déanaí Jim Jarmusch Broken Flowers mar bhuaiteoir an Grand Prix i bhFéile scannán Cannes i 2005.
  • Bhain Jarmusch an duais Best Artistic Contribution i bhféile scannáin Cannes 1989 don scannán Mystery Train.
  • Bronnadh Duais Speisialta: Dramatúil ar Jarmusch don scannán Stranger Than Paradise i bhféile scannáin na Stáit Aontaithe i 1985. (Níl Féile na Stáit Aontaithe ann a thuilleadh)

Saothair cuir in eagar

Bliain Teideal Ról
1980 Underground USA Fuaim
1980 Permanent Vacation Stiúrthóir, Scríbhneoir, Léiritheoir, Eagarthóir, Cumadóir.
1980 Lightning Over Water Breathnóir
1981 You Are Not I Scríbhneoir, Léiritheoir, Cinematographer
1982 Stranger Than Paradise (The New World) Stiúrthóir, Scríbhneoir
1982 Stand der Dinge, Der Cumadóir.
1983 Down By Law Stiúrthóir, Scríbhneoir
1984 Burroughs Fuaim
1984 American Autobahn Aisteoir (Léiritheoir Scannáin)
1984 Stranger Than Paradise Stiúrthóir, Scríbhneoir, Eagarthóir
1986 Sleepwalk Ceamaradóir
1986 Coffee & Cigarettes Stiúrthóir, Scríbhneoir, Cinematographer
1987 Straight to Hell Aisteoir (Amos Dade)
1987 Helsinki Napoli All Night Long Aisteoir (Fear beáir)
1988 Candy Mountain Aisteoir
1989 Mystery Train Stiúrthóir, Scríbhneoir
1989 Leningrad Cowboys Go America Aisteoir (Díoltóir carr/Nua Eabhrac)
1989 Coffee and Cigarettes - Memphis Version Stiúrthóir, Scríbhneoir
1990 The Golden Boat Aisteoir (Stráinséir)
1991 American Dream Buíochas Speisialta
1991 Night on Earth Stiúrthóir, Scríbhneoir, Léiritheoir
1992 In The Soup Aisteoir (Monty)
1993 Coffee and Cigarettes - Somewhere in California Stiúrthóir, Scríbhneoir, Eagarthóir
1993 When Pigs Fly Léiritheoir Feidhmeannach
1994 Clerks Buíochas Speisialta
1995 Dead Man Stiúrthóir, Scríbhneoir
1995 Iron Horsemen Aisteoir (Silver Rider)
1995 Blue In The Face Aisteoir (Bob)
1996 Cannes Man Aisteoir (Caimeo)
1996 Sling Blade Aisteoir (Frostee Cream Boy)
1997 Year of the Horse Stiúrthóir, Cinematographer
1999 Ghost Dog: The Way of the Samurai Stiúrthóir, Scríbhneoir, Léiritheoir
2002 Ten Minutes Older: The Trumpet

(mír "Int. Trailer Night)

Stiúrthóir, Scríbhneoir
2004 Coffee and Cigarettes

Chomh maith le 1986 Coffee and Cigarettes, Somewhere in
California
, Memphis Version mar mhíreanna

Stiúrthóir, Scríbhneoir, Eagarthóir
2005 Enron: The Smartest Guys in the Room Buíochas Speisialta
2005 Broken Flowers Stiúrthóir, Scríbhneoir
2009 Limits of Control Stiúrthóir, Scríbhneoir

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar