Joe Slovo

polaiteoir as an Afraic Theas

Dlíodóir agus polaiteoir san Afraic Theas ab ea Joe Slovo (a rugadh Yossel Mashel Slovo; 23 Bealtaine 19266 Eanáir 1995).[1] Bhí sé ar na daoine is mó tionchair in aistriú na hAfraice Theas ón apairtéid go dtí an daonlathas ilchiníoch.[2]

Infotaula de personaJoe Slovo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Bealtaine 1926
Obeliai, An Liotuáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Eanáir 1995
68 bliana d'aois
Johannesburg, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Witwatersrand Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, aire rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Chomhdháil Náisiúnta Afracach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileRuth First (1949–1982) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRobyn Slovo, Shawn Slovo, Gillian Slovo Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 8202640 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

 
Bhí na Slovo ina gcónaí i gCamden idir 1966-1978.

Fuair Slovo céim sa dlí (le gradam) de chuid Ollscoil Witwatersrand (áit a raibh sé in aon rang le Nelson Mandela).

Bhí Slovo ansin ar thús cadhnaíochta na ndlíodóirí a bhí ag troid i gcoinne dhaingniú an réimis apairtéid sna 1950idí agus sna 1960idí. Dúirt sé nár ullmhaigh a chéim go maith é le dlí a chleachtadh ach go bhfuair sé deis ar "creativity and some self-expression" tríd an ghairm.

Agus é ina bhall de Pháirtí Cumannach na hAfraice Theas sna 1950idí (a bhí faoi choim ag an am), chomhoibrigh sé go dlúth leis an gComhdháil Náisiúnta Afracach sa troid in éadan na cinedheighilte agus bhí an-tionchar aige ar Chairt um Saoirse de chuid an CNA, a chuir béim ar neamhchiníochas mar bhunús do thodhchaí na tíre.

 
Ruth First

Sa bhliain 1961, bhí sé ar na daoine a bhunaigh Umkhonto we Sizwe, eite mhíleata an CNA. Bhí sé ina ceann foirne air idir 1985 agus 1987.

Bhí Slovo ar deoraíocht ó 1963 go dtí 1990. Bhí sé ina chónaí i gCamden idir 1966-1978.

Feallmharaíodh a bhean, Ruth First, i Maputo sa bhliain 1982,[3] Giúdach chomh maith.[4]

Mar ardrúnaí (1986-91) agus cathaoirleach ar Pháirtí Cumannach na hAfraice Theas, bhí sé go mór chun cinn san idirbheartaíocht ba chúis leis an aistriú go dtí an daonlathas. Bhí sé ina Aire Tithíochta i gcomh-aireacht Nelson Mandela ó 1994 go dtí go bhfuair sé bás le hailse ar an 6 Eanáir 1995.

 
Uaimh Joe Slovo, reilig Avalon, Soweto

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Joe Slovo" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-07.
  2. Alan Wieder (2013-07-01). "Ruth First and Joe Slovo in the War Against Apartheid" (as en). NYU Press. 
  3. "Ruth First" (en). Jewish Women's Archive. Dáta rochtana: 2021-01-07.
  4. "South Africa's Joe Slovo Dies; Anc Leader Had `warm Jewish Heart'" (en-US). Jewish Telegraphic Agency (1995-01-09). Dáta rochtana: 2021-01-07.