Johann Gottlieb Fichte

fealsamh Gearmánach

Fealsamh Gearmánach ba ea Johann Gottlieb Fichte. Bhí sé orthu siúd a bhunaigh an ghluaiseacht fhealsúnach a dtugtar idéalachas Gearmánach uirthi, gluaiseacht a d’eascair ó shaothar teoiriciúil agus eiticiúil Immanuel Kant. Tá meas ag teacht ag fealsúna agus ag scoláirí ar Fichte mar fhealsamh a bhfuil tábhacht leis ann féin de bharr an léargais a thug sé ar an bhféintuiscint. Ba é Fichte a cheap an modh téis, fritéis, sintéis,[1], rud a luaitear go minic le Hegel.[2]

Infotaula de personaJohann Gottlieb Fichte

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Bealtaine 1762
Rammenau Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Eanáir 1814
51 bliana d'aois
Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Tíofas)
Áit adhlacthaReilig Dorotheenstadt Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Reiligiúnluach ar iarraidh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Jena
Ollscoil Königsberg
Ollscoil Leipzig
Landesschule Pforta Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaImmanuel Kant
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Suíomh oibre Jena
Beirlín
Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, múinteoir ollscoile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Jena
Ollscoil Humboldt Bheirlín
Ollscoil Bheirlín
Ollscoil Erlangen-Nürnberg Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtIdéalachas Gearmánach agus German Romanticism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidChristian Friedrich Petzold, Friedrich August Wilhelm Wenck, Franz Volkmar Reinhard, Ernst Platner, Johann August Heinrich Ulrich agus Immanuel Kant
Mac/iníon léinnFriedrich Wilhelm Joseph Schelling agus Johann Erich Berger
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Teaghlach
CéileJohanna Rahn (1793–) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Discogs: 3526037 Find a Grave: 6616849 Cuir in eagar ar Wikidata

Chomh maith leis sin, scríobh Fichte saothair faoi fhealsúnacht pholaitiúil; tá cáil air mar dhuine díobh siúd a chuir tús leis an náisiúnachas Gearmánach.

Óige agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Fichte in Rammenau in Uachtar Lúsáitia agus fuair sé buntús a chuid oideachais óna athair. Bhí sé éirimiúil, agus bhí an Barún Freiherr von Militz sásta íoc as an scolaíocht. Cuireadh Fichte chuig teaghlach an tsagairt Krebel ag Niederau, in aice le Meissen, agus fuair sé bunoiliúint chríochnúil sna Clasaicigh.

In 1780 thosaigh sé ag freastal ar an gcliarscoil diagachta in Ollscoil Jena. D’aistrigh sé chun Ollscoil Leipzig agus é bocht go leor. Lean Freiherr von Militz ag cabhrú leis, ach cailleadh von Militz in 1784 agus ní raibh Fichte in ann a chríochnú.[3]

Chaith sé tamall ina oide agus chuir suim i bhfealsúnacht Immanuel Kant, rud a spreag é chun aiste a fhoilsiú ar theagasc Kant. Fuair an aiste ardmholadh ó Kant féin agus fuair sé post mar ollamh in Ollscoil Jena. Briseadh as nuair a cuireadh aindiachas ina leith, ach lean sé ag foilsiú saothar. Bhí deisceart na Gearmáine faoi choimirceas Napoléonach ó 1806 agus ghríosaigh Fichte na Gearmánaigh chun éirí amach i gcoinne na bhFrancach. Fuair sé bás le tíofas i mBeirlín in 1814.

Fealsúnacht cuir in eagar

Níor aontaigh Fichte leis an argóint a rinne Kant ar son “rudai iontu féin,” réaltacht nach féidir linn a fheiceáil go díreach. Shíl Fichte go dtarraingeofaí amhras dá ndéanfaí idirdhealú dian idir “rudaí iontu féin” agus “rudaí a nochtar dúinn” (feiniméin). Dúirt sé gur chóir glacadh leis nach bhfuil an comhfhios fréamhaithe san “fhíorshaol”. Tháinig iomrá leis agus é á áitiú go bhfuil an comhfhios fréamhaithe ann féin amháin. Fáisctear feiniméin as an gcomhfhios, as an Mise agus as feasacht mhorálta.

Tosaíonn Fichte leis an mbunphrionsabal gur gá don Mhise (“das Ich”) é féin a chur in iúl mar indibhid chun é féin a fhógairt ar chor ar bith. Chun é féin a chur in iúl mar indibhid caithfidh an Mise a aithint go bhfuil indibhidí saora eile ag iarraidh air srian a chur lena shaoirse féin le meas ar shaoirse daoine eile. Caithfidh indibhidí réasúnta a leithéidí eile a aithint chun go mbeadh an Mise indibhidiúil ann.[4][5]

Tá féinaireachtáil Fichte ag brath ar bhac a dhéanann rud nach cuid den Mhise é ach nach féidir é a cur i leith aireachtáil chéadfach ar leith. Is é bunús an Mhise an fhéiniúlacht a fhógairt, i.e. tugann an comhfhios le tuiscint go bhfuil an féinchomhfhios ann cheana. Ní féidir an fhéiniúlacht seo a thuiscint mar fhíric shíceolaíoch, ná mar ghníomh ná mar theagmhas a bhaineann le substaint nó le neach a bhí ann cheana. Gníomh é a rinne an Mise, gníomh arb ionann é agus an Mise a bheith ann. Ní féidir leis an Mise é féin a leagan síos ach mar rud teoranta. Ní féidir leis a theorannú féin a leagan síos fiú.

Náisiúnachas cuir in eagar

Shíl Fichte gurbh é aidhm an náisiúin Ghearmánaigh impireacht spioraid agus réasúin a bhunú agus an foréigean atá in uachtar sa saol a scrios ar fad.[6] Náisiúnachas cultúrtha a bhí ann, amhail náisiúnachas Gearmánach Johann Gottfried Herder, agus é fréamhaithe san aeistéitic, sa litríocht agus sa mhoráltacht. Ach chreid sé freisin gur chóir go mbeadh an pobal agus an geilleagar faoi smacht an stáit.

Bhain an Páirtí Naitsíoch fónamh as tuairimí Fichte.[7] Ach bhí Fichte féin cinnte gur cheart ligean do na Giúdaigh a gcreideamh a chleachtadh gan bhac. I ndeireadh a shaoil acadúil d’éirigh sé as a phost mar reachtaire Ollscoil Bheirlín nuair a dhiúltaigh a chomhghleacaithe pionós a thabhairt dóibh siúd a bhí ag ciapadh mac léinn Giúdach.

Nótaí cuir in eagar

  1. "Review of Aenesidemus" ("Rezension des Aenesidemus", Teimpléad:Interlanguage link multi, 11–12 Feabhra 1794). Aistrithe ag Daniel Breazeale. In "Fichte: Early Philosophical Writings" (1993). Cornell University Press.  (See also: FTP, lch 46; Breazeale 1980–81, lgh 545–68; Breazeale and Rockmore 1994, lch 19; Breazeale 2013, lgh 36–37; Waibel, Breazeale, Rockmore 2010, lch 157: "Fichte believes that the I must be grasped as the unity of synthesis and analysis.")
  2. Robert C. Solomon, In the Spirit of Hegel, Oxford University Press, lch 23.
  3. "Fichte: Early Philosophical Writings" (1993). Cornell University Press. 
  4. Fichte, J. G. (2000), Foundations of Natural Right, according to the Principles of the Wissenschaftslehre, ed. F. Neuhouser, trans. M. Baur. Cambridge: Cambridge University Press, p. 42.
  5. Allen W. Wood, The Free Development of Each: Studies on Reason, Right, and Ethics in Classical German Philosophy, Oxford University Press, 2014, p. 207: "The whole point of the summons, in fact, is that it is what first makes our individuality possible for us, through presenting us with the concept of our own individual free action in the form of an object of our consciousness."
  6. Fichte, Johann Gottlieb (2008). "Addresses to the German Nation". Cambridge University Press. 
  7. Butler, Rohan (1941). "The Roots of National Socialism": 38–39. Faber & Faber. 

Liosta saothar roghnaithe cuir in eagar

I nGearmáinis cuir in eagar

  • Wissenschaftslehre nova methodo (1796–1799: "Halle Nachschrift," 1796/1797 and "Krause Nachschrift," 1798/1799)
  • Versuch einer neuen Darstellung der Wissenschaftslehre (1797/1798)
  • Darstellung der Wissenschaftslehre (1801)
  • Die Wissenschaftslehre (1804, 1812, 1813)
  • Die Wissenschaftslehre, in ihrem allgemeinen Umrisse dargestellt (1810)

Aistriúcháin Bhéarla cuir in eagar

  • Concerning the Conception of the Science of Knowledge Generally (Ueber den Begriff der Wissenschaftslehre oder der sogenannten Philosophie, 1794), translated by Adolph Ernst Kroeger. In The Science of Knowledge, pp. 331–336. Philadelphia: J.B. Lippincott & Co., 1868. Rpt., London: Trübner & Co., 1889.
  • Attempt at a Critique of All Revelation. Trans. Garrett Green. New York: Cambridge University Press, 1978. (Translation of Versuch einer Critik aller Offenbarung, 1st ed. 1792, 2nd ed. 1793.)
  • Early Philosophical Writings. Trans. and ed. Daniel Breazeale. Ithaca: Cornell University Press, 1988. (Contains Selections from Fichte's Writings and Correspondence from the Jena period, 1794–1799).

Ar líne i mBéarla cuir in eagar

  • J.G. Fichte. "The Wissenschaftslehre is Mathematics" ("Announcement", 1800/1801). * [1]
  • Addresses to the German Nation (1922). (Trs. R. F. Jones and G. H. Turnbull.) IA (UToronto)
  • The Destination of Man (1846). Alternative translation of The Vocation of Man. (Tr. Mrs. Percy Sinnett.) IA (UToronto)
  • Johann Gottlieb Fichte's Popular Works (1873). (Tr. William Smith.) IA (UToronto)
  • New Exposition of the Science of Knowledge (1869). Translation of Versuch einer neuen Darstellung der Wissenschaftslehre. (Tr. A. E. Kroeger.) Google (Harvard) Google (NYPL) IA (UToronto)
  • On the Nature of the Scholar (1845). Alternative translation of The Vocation of the Scholar. (Tr. William Smith.) IA (UToronto)