John O'Donohue

scríbhneoir, file, sagart, agus fealsamh Éireannach

Scríbhneoir, file, sagart, agus fealsamh Héigealaíoch ab ea John O'Donohue. Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann. Tá sé aitheanta go príomha mar gheall ar a obair agus a scríbhneoireacht faoi spioradáltacht Cheilteach.

Infotaula de personaJohn O'Donohue
Beathaisnéis
Breith1 Eanáir 1956
Cúige Chonnacht, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Eanáir 2008
52 bliana d'aois
Avignon, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tübingen Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, fealsúnacht, spioradáltacht agus miotaseolaíocht na gCeilteach
Gairmfile, scríbhneoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Musicbrainz: 0c0b5148-c710-4f69-8d0b-0851e368e268 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh é ar 1 Eanáir 1956 agus tógadh idir Conamara agus Co. an Chláir é in iarthar na hÉireann. Oirníodh é ina shagart Caitliceach i 1979. D'fhág sé an tsagartacht i 2000.

Foilsíodh a chéad leabhar Anam Cara in 1997 agus bhí éileamh air mar aoichainteoir, go háirithe sna Stáit Aontaithe, mar gheall ar an leabhar seo. Scríobh sé 8 leabhar san iomlán i rith a shaol, agus is é an leabhar Anam Cara an leabhar is mó chlú a scríobh sé.

Lasmuigh de a bheith ag scríobh leabhar ar chúrsaí spioradáltachta bhí suim aige i ngníomhachas timpeallachta agus bhí an-bhaint aige le Ghrúpa Gníomhaíochta Bhoirne (Burren Action Group) i gCo. an Chláir.

Fuair sé bás go tobann sa Fhrainc ar 8 Eanáir 2008.

Saothar cuir in eagar

  • Anam Cara (1996)
  • Eternal Echoes (1998)
  • Conamara Blues: Poems (2000)
  • Divine Beauty: The Invisible Embrace (2003)
Published in the US as Beauty: The Invisible Embrace (2003)
  • Benedictus: A Book of Blessings (2007)
Clóite sna Stáit Aontaithe mar To Bless the Space Between Us (2008)
  • The Four Elements: Reflections on Nature (2010)
  • Echoes of Memory (2011)
  • Walking on the Pastures of Wonder (2015)
Clóite sna Stáit Aontaithe mar Walking in Wonder (2018)

Naisc sheachtracha cuir in eagar