Josemaría Escrivá

sagart Spáinneach

Sagart Caitliceach Rómhánach Spáinneach ab ea Josemaria Escrivá de Balaguer y Albás (9 Eanáir 1902 - 26 Meitheamh 1975) a bhunaigh Opus Dei, eagraíocht de thuataí agus sagairt atá tiomnaithe don teagasc go dtugann Dia glaoch ar gach duine chun naofachta agus go bhféadfadh naofach a bheith mar thoradh ar an ngnáthshaol. Chanónaigh an Pápa Eoin Pól II é sa bhliain 2002, a dhearbhaigh gur cheart Josemaría a "áireamh i measc fhinnéithe móra na Críostaíochta.

Infotaula de personaJosemaría Escrivá

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Josemaría Escrivá de Balaguer
Beathaisnéis
Breith(es) José María Julián Mariano Escrivá Albás
9 Eanáir 1902
Barbastro, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meitheamh 1975
73 bliana d'aois
An Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaprelatic church of Our Lady of Peace (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán ar chumann sagartúil na Croise Naofa
14 Feabhra 1943 – 26 Meitheamh 1975 – Álvaro del Portillo →
Séiplíneach DYA Academy (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law of the University of Zaragoza (en) Aistrigh
Pontifical Lateran University (en) Aistrigh
Universidad Central
San Lorenzo School of the Piarists (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
dochtúireacht
Áit chónaitheBarbastro
Logroño
Zaragoza
Maidrid
Villa Tevere (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach (1925–), scríbhneoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidJosé Pou de Foxá
TeangachaAn Spáinnis agus an Iodáilis
Ardú
Lá féile26 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairJosé Escrivá y Corzán  agus María de los Dolores Albás y Blanc
SiblínSantiago Escrivá de Balaguer y Albás, Carmen Escrivá de Balaguer y Albás, María Asunción Escrivá Albás, María de los Dolores Escrivá Albás agus María del Rosario Escrivá Albás
Duine muintearthaMariano Albás Blanc (parent's brother (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 27878617 Cuir in eagar ar Wikidata

Fuair Escrivá dochtúireacht sa dlí sibhialta in Universidad Complutense de Madrid (Gaeilge: Ollscoil Complutense i Maidrid) agus dochtúireacht sa diagacht in Pontificia Università Lateranense (Gaeilge Ollscoil Lateran sa Róimh). Ba é a phríomhobair ná tionscnamh, rialtas agus leathnú amach Opus Dei. Is é an foilseachán is cáiliúla ag Escrivá ná Camino, a aistríodh go 43 teanga agus a dhíol roinnt mhilliún cóip.

Cuireadh rúndacht, éilíteachas, cleachtais mar a bheadh cultas, agus baint pholaitiúil le cúiseanna na heite deise, amhail riail Francisco Franco sa Spáinn (1939-1975) síos do Escrivá agus Opus Dei. Tar éis a bháis, tharraing roinnt Chaitliceach agus an phreas domhanda aird ar a chanónú. D'áitigh roinnt iriseoirí a rinne imscrúdú ar stair Opus Dei, ina measc anailísí na Vatacáine John L. Allen Jr., go bhfuil go leor de na líomhaintí seo neamhchruthaithe nó tar éis fás ó líomhaintí ó naimhde Escrivá agus a eagraíocht.[1] Thacaigh an Cairdinéal Albino Luciani (an Pápa Eoin Pól I ina dhiaidh sin), [2] Eoin Pól II, Benedict XVI, Francis, Óscar Romero, agus go leor ceannairí Caitliceacha le teagasc Escrivá maidir leis an nglao uilíoch ar naofacht, ról na dtuataí, agus naomhú an ghnáthobair.[3] Dar le Allen, i measc Caitlicigh, tá Escrivá “á athbhreithniú ag cuid agus á urramú ag na milliúin níos mó”.

Beathaisnéis cuir in eagar

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh José María Mariano Escrivá y Albás do José Escrivá y Corzán agus a bhean chéile, María de los Dolores Albás y Blanc an 9 Eanáir 1902, i mbaile beag Barbastro, i Huesca, Aragón, sa Spáinn, an dara duine as seisear leanaí agus an an chéad duine de bheirt mhac. Ceannaí agus comhpháirtí i gcuideachta teicstíle ab ea José Escrivá a rinneadh féimheach de sa deireadh, ag cur iallach ar an teaghlach athlonnú sa bhliain 1915 go cathair Logroño, i gCúige thuaidh La Rioja, áit ar oibrigh sé mar chléireach i siopa éadaí. Tuairiscítear gu bhraith Josemaría óg ar dtús gur “roghnaíodh é as rud éigin”, nuair a chonaic sé lorg coise fágtha sa sneachta ag manach ag siúl cosnochta.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Zenit News Agency. http://www.zenit.org/article-12784?l=french
  2. A. Luciani, "Cercando Dio nel lavoro quotidiano", in Il Gazzettino, Venice, July 25, 1978.
  3. Opus Dei Official Site. http://www.opusdei.us/art.php?p=12238