Joseph Jenkins Roberts

Uachtarán na Libéire

Polaiteoir Libéarach ab ea Joseph Jenkins Roberts a bhí ar an gcéad Uachtarán ar Phoblacht na Libéire. Rugadh Roberts ar an 15ú lá de Mhí na Márta 1809 i Norfolk, Virginia sna Stáit Aontaithe agus fuair sé bás ar an 24 Feabhra 1876 i Monrovia, príomhchathair na Libéire. Bhí dhá théarma Uachtaránachta aige: sna blianta 1848-1856 agus 1872 go tús na bliana 1876.

Infotaula de personaJoseph Jenkins Roberts

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Márta 1809
Norfolk, Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Feabhra 1876
66 bliana d'aois
Monrovia, An Libéir Cuir in eagar ar Wikidata
7 Uachtarán na Libéire
1 Eanáir 1872 – 3 Eanáir 1876
← James Skivring SmithJames Spriggs Payne →
1 Uachtarán na Libéire
3 Eanáir 1848 – 7 Eanáir 1856
← luach ar iarraidh – Stephen Allen Benson →
2 Gobharnóir na Libéire
3 Meán Fómhair 1841 – 3 Eanáir 1848
← Thomas BuchananDeireadh an phoist → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Poblachtánach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileJane Rose Roberts (1836–) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 40466408 Cuir in eagar ar Wikidata

Dealraíonn sé gur plandóir de bhunadh na Breataine Bige ab ea athair Joseph, agus gurbh é Jenkins a shloinne siúd. Bhí máthair Joseph ina leannán luí ag Jenkins. Shaor an plandóir an cailín ó bhráca na saoirse sular rugadh Joseph; ina dhiaidh sin phós an mháthar fear datha darbh ainm James Roberts, agus bhí an fear seo sásta gnó an athar a dhéanamh do Joseph. Uaidh siúd a fuair Joseph an sloinne.

Fear gnó agus trádála a bhí in James, agus é sách maith as, go háirithe i gcomparáid leis na daoine datha eile. Chuidigh Joseph óg leis sna cúrsaí gnó, agus nuair a fuair James bás, lean Joseph leis, agus é ag foghlaim cheird an bhearbóra i mbreis air. Mar phrintíseach bearbóra bhí fáil ag Joseph ar leabharlann an bhearbóra, agus trí na leabhair sin a léamh fuair Joseph oideachas maith.

Phós Joseph bean óg darbh ainm Sarah sa bhliain 1828, agus an bhliain a bhí chugainn chuaigh an lánúin ar imirce go dtí an Libéir. Bhásaigh an bhean agus an leanbh a rugadh dóibh go gairid ina dhiaidh sin, ós rud é go raibh éag mór ag siúl ar an lucht inimirce le hocras agus le galair theochriosacha nach raibh na Meiriceánaigh ina dtaithí. Rinne Joseph athphósadh ar chailín darbh ainm Jane Rose Waring i Monrovia sa bhliain 1836, bean óg arbh as Virginia dá tuismitheoirí.

D'iompaigh Joseph Jenkins Roberts ina dhuine mór le rá sa choilíneacht. Sa bhliain 1833 bronnadh céim an Ard-Sirriam air. Mar Ard-Sirriam, d'eagraigh sé sluaite armtha le cáin a ghearradh de mhuintir bhundúchasach na coilíneachta agus le hiad a choinneáil faoi smacht.

Bhí Roberts ar an gcéad ghobharnóir Afrai-Mheiriceánach ar an gcoilíneacht, agus nuair a gaireadh poblacht neamhspleách den choilíneacht, ba rud nádúrtha é gur mhair sé i gceannas ar an bpoblacht nua. Thogh muintir na Libéire ina Uachtarán é arís is arís eile, ach sa bhliain 1855 chaill sé an toghchán agus ba é a Leas-Uachtarán féin, Stephen Allen Benson, a tháinig i gcomharbacht air.

Nuair a toghadh Roberts ina Uachtarán an chéad uair, dhírigh sé ar aitheantas a bhaint amach do neamhspleáchas na tíre ó na Stáit Aontaithe. Bhí a lán polaiteoirí i nDeisceart na Stát Aontaithe ina aghaidh, ach thairis sin, bhí coilíneachtaí ag tíortha Eorpacha timpeall ar an Libéir, agus ní raibh fáilte acu féin roimh an bpoblacht nua. Sa bhliain 1848 chuaigh Roberts ar cuairt go dtí an Bhreatain Mhór chomh maith le tíortha eile na hEorpa, agus ba é toradh an turais seo go raibh na Sasanaigh, ar a laghad, fonnmhar aitheantas a thabhairt don Libéir. Sa bhliain 1848 nó 1852 (níl na foinsí ag teacht le chéile) fuair an tír an t-aitheantas ón bhFrainc fosta. Faoin am céanna, a bheag nó a mhór, bhí tíortha eile, chomh maith le cathracha móra sa Ghearmáin ar nós Hamburg nó Lübeck, sásta neamhspleáchas na Libéire a admháil, ach níor lean na Stáit Aontaithe a sampla ach sa bhliain 1862, nuair a bhí Abraham Lincoln ina Uachtarán. Is dealraitheach go raibh sé deacair taidhleoirí datha ón Afraic a fháiltiú i Washington fad a bhí an daoirse i bhfeidhm sa tír. Nuair a saoradh na daoir ó bhráca, áfach, ní raibh fadhbanna leis na taidhleoirí Libéaracha a thuilleadh.