Juho Kusti Paasikivi

seachtú uachtarán na Fionlainne (1946–1956)

Ba é Juho Kusti Paasikivi, a rugadh ar an 27ú Samhain 1870 agus a fuair bás ar an 14 Nollaig 1956, seachtú hUachtarán na Fionlainne (1946-1956). Bhí sé ina pholaiteoir de chuid an Suomalainen puolue (An Páirtí Fionlannach) agus an Kansallinen Kokoomus (páirtí coimeádach na Fionlainne). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an bhFionlainn faoi dhó: an chéad uair sa bhliain 1918 agus an dara huair sna blianta 1944-46).[1] Thairis sin, bhí poist oifigiúla eile ag Paasikivi, agus tionchar aige ar eacnamaíocht agus polaitíocht na Fionlainne ar feadh breis agus caoga bliain.

Infotaula de personaJuho Kusti Paasikivi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(mul) Johan Gustaf Hellstén
27 Samhain 1870
Hämeenkoski (Impireacht na Rúise)
Bás14 Nollaig 1956
86 bliana d'aois
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
7 Uachtarán na Fionlainne
11 Márta 1946 – 1 Márta 1956
← C. G. E. MannerheimUrho Kekkonen →
Príomh-Aire na Fionlainne
17 Samhain 1944 – 9 Márta 1946
← Urho CastrénMauno Pekkala →
Ball de chomh-aireacht: Juho Kusti Paasikivi's second cabinet (en) Aistrigh
Príomh-Aire na Fionlainne
27 Bealtaine 1918 – 27 Samhain 1918
← Pehr Evind SvinhufvudLauri Ingman →
Ball de chomh-aireacht: Juho Kusti Paasikivi's first senate (en) Aistrigh
Comhalta de Pharlaimint na Fionlainne
1 Márta 1910 – 1 Feabhra 1914
Toghcheantar: Satakunta

Comhalta de Pharlaimint na Fionlainne
22 Bealtaine 1907 – 31 Bealtaine 1909
Téarma parlaiminte: 1st Parliament of Finland (en) Aistrigh, 2nd Parliament of Finland (en) Aistrigh

Toghcheantar: Satakunta

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síImperial Alexander University (en) Aistrigh
Helsinki Normal Lyceum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúir an dá dhlí
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, taidhleoir, baincéir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaKokoomus (1918–)
Páirtí na Fionlainne (–1918) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis, an tSualainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Rúisis
Teaghlach
CéileAnna Paasikivi (1897–1931)
Alli Paasikivi (1934–1956) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnnikki Paasikivi
 ( Anna Paasikivi) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAukusti Hellsten  agus Karoliina Vilhelmiina
Síniú


IMDB: nm3500602 Musicbrainz: 6d4fd256-c917-484c-8f69-0c00200e5ff2 Find a Grave: 11842125 Cuir in eagar ar Wikidata

Cuimhnítear ar Paasikivi mar phríomh-ailtire ar bheartas eachtrach na Fionlainne tar éis an Dara Cogadh Domhanda; [2]; mar shampla, rinne Cumann Paasikivi (Fionlainnis:Paasikivi-seura), a bunaíodh i 1958 faoi cheannaireacht Jan-Magnus Jansson, iarracht oidhreacht pholaitiúil Paasikivi a chothú, go háirithe le linn an Chogaidh Fhuair, trí mhachnamh ar pholasaí eachtrach bunaithe ar an bhfírinne a chur chun cinn san Fhionlainn agus beartas neodrachta na Fionlainne a chur ar eolas go hidirnáisiúnta.[3]

Luathshaol agus gairmréim pholaitiúil cuir in eagar

 
J.K. Paasikivi sa bhliain 1893

Breith agus óige cuir in eagar

Rugadh Paasikivi, leis an ainm Johan Gustaf Hellsten, sa bhliain 1870, ag an sána deataigh i dteach Kulma-Seppälä i sráidbhaile Koski Hl (Hämeenkoski inniu) i Päijänne Tavastia i nDeisceart na Fionlainne, a saolaíodh do cheannaí taistil ó Tamperean darbh ainm August Hellsten agus a bhean chéile, Karolina Wilhelmina, née Selin. Bhí tuismitheoirí Hellsten ina gcónaí i Tampere, ach rugadh an mac ar a dturas gnó go margadh Lahti. Tar éis dó filleadh abhaile, cláraíodh Hellsten go hoifigiúil i leabhair eaglaise Tampere.Fuair máthair Hellsten bás nuair a bhí sé ceithre bliana d'aois, agus fuair a athair bás i bhfiacha nuair a bhí Hellsten ceithre bliana déag d'aois. Fuair leathdheirfiúr Hellsten Karolina bás go luath ina dhiaidh sin. Ar bhás a athar, ghlac aintín Hellsten, Kaisa Hagman, freagracht as é a thógáil. D'aistrigh Hellsten a ainm go leagan Fionlainnise dá ainm 'Juho Kusti Paasikivi', sa bhliain 1885. Ciallaíonn a shloinne "cloch bhuí" go litriúil sa dá theanga.

Oideachas cuir in eagar

Ba ghleacaí agus lúthchleasaí díograiseach é an Paasikivi óg. D'aithin a athair tallann acadúil a mhic agus chláraigh sé é ar bhunscoil den scoth in Hämeenlinna tar éis dó bheith ag freastal go gairid ar scoil i Hollola. Léirigh Paasikivi fonn léitheoireachta luath, agus ba é an dalta ab fhearr ina rang.[4] Chuaigh sé isteach in Ollscoil Heilsincí sa bhliain 1890, agus bhain sé céim Bhaitsiléara amach i dteanga agus i litríocht na Rúise i mBealtaine 1892, cúrsa staidéir a bhí úsáideach ina dhiaidh sin sa saol. An geimhreadh ina dhiaidh sin, d'athraigh Paasikivi a chroí-ábhar go dlí, agus ghnóthaigh sé céim Mháistreachta sa Dlí agus sa deireadh, i 1902, a Dhochtúireacht s Dlí. Le linn a chuid scolaíochta, choinnigh Paasikivi é féin trí oibrithe go héagsúil mar mhúinteoir, léachtóir, báille cúirte, agus dlíodóir i gcleachtas príobháideach i Lahti. Ba le linn a chuid staidéir ollscoile, timpeall 1894, a d'éirigh sé gafa i ngluaiseacht Fennoman ar dtús, ag glacadh róil cheannaireachta ina eagraíocht mac léinn.

A chéad phósadh agus an teaghlach cuir in eagar

 
Teaghlach J. K. Paasikivi i 1906. Ó chlé: Céad bhean Paasikivi Anna (née Forsman), a gclann Juhani, Annikki, Vellamo, Varma, agus Paasikivi féin.

Ar 1 Meitheamh 1897 phós Paasikivi Anna Matilda Forsman (1869–1931) a rugadh sa tSualainn. Le chéile, bhí ceathrar clainne acu, Annikki (1898–1950), Wellamo (1900–1966), Juhani (1901–1942), agus Varma (1903–1941). Tar éis dó a dhochtúireacht sa dlí a thuilleamh i 1901, ghlac Paasikivi le hOllúnacht Chomhlach sa Dlí Riaracháin in Ollscoil Heilsincí ó 1902 go 1903.[5]

Céad taithaí ar an bpolaitíocht cuir in eagar

D'fhág Paasikivi an post san Ollscoil Heilsincí le bheith ina Phríomh-Stiúrthóir ar an Státchiste d'Ard-Diúcacht na Fionlainne, post a choinnigh sé go dtí 1914. Ar feadh chóir a bheith a shaol fásta go léir, bhí Paasikivi bainteach leis an ciorcal órga laistigh de pholaitíocht na Fionlainne. Thacaigh sé le neamhspleáchas níos mó agus le Comh-Aireacht neamhspleách (Seanad) don Fhionlainn sé le níos mó neamhspleáchais sa Seanad agus agus le Comh-Aireachta neamhspleách (Seanad) don Fhionlainn, agus chuir sé in aghaidh rún pan-slavacha na Rúise, a bhí ag iarraidh na Rúisise a fhorchur mar an t-aon teanga oifigiúil amháin in Impireacht na Rúise. Bhain sé, áfach, leis an bPáirtí Fionlainne a bhí ní ba ghéilliúla, ag cur i gcoinne céimeanna radacacha a d’fhéadfadh a bheith fritorthúil agus a d’fhéadfadh na Rúisigh a fheiceáil mar ionsaitheach. D’fhóin Paasikivi mar fheisire de chuid Pháirtí na Fionlainne ó 1907 go dtí 1909 agus ó 1910 go dtí 1913. D’fhóin sé mar bhall den Seanad ó 1908 go dtí 1909, mar cheannaire ar an rannóg airgeadais.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ministerikortisto . https://web.archive.org/web/20090417004613/http://www.valtioneuvosto.fi/hakemisto/ministerikortisto/ministeritiedot.asp?nro=278.
  2. Wilsford, David, ed. (1995). Political leaders of contemporary Western Europe: a biographical dictionary. Greenwood. pp. 347–352.
  3. "Suomi kylmässä sodassa: Paasikivi-seura Kekkosen tukena". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-02-08. Dáta rochtana: 2022-02-08.
  4. Polvinen, Tuomo; Heikkilä, Hannu; Immonen, Hannu (1989). J. K. Paasikivi : valtiomiehen elämäntyö. Vol. 1: 1870–1918. WSOY.
  5. Polvinen, Tuomo; Heikkilä, Hannu; Immonen, Hannu (1989). J. K. Paasikivi : valtiomiehen elämäntyö. Vol. 1: 1870–1918. WSOY.