Julia Child

cócaire Meiriceánach

Cócaire, údar agus pearsantacht Meiriceánach ab ea Julia Carolyn Child (née McWilliams; 15 Lúnasa 191213 Lúnasa 2004). Cuimhnítear uirthi as cócaireacht na Fraince a chur os comhair na ndaoine sna Stáit Aontaithe lena leabhar cócaireachta úd, Mastering the Art of French Cooking, agus leis na cláracha teilifíse léi a tháinig ina dhiaidh, go mór mór The French Chef, a chuaigh ar an aer den chéad uair sa bhliain 1963.

Infotaula de personaJulia Child

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en-us) Julia Carolyn Child
Beathaisnéis
Breith(en-us) Julia Carolyn McWilliams
15 Lúnasa 1912
Pasadena, California Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Lúnasa 2004
91 bliana d'aois
Santa Barbara, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh duán)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Smith
Le Cordon Bleu (en) Aistrigh
The Branson School (en) Aistrigh
Polytechnic School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1.88 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. (1945–1945)
Chongqing (1945–1945)
Kandy (en) Aistrigh (1944–1945)
Washington, D.C. (1942–1944)
Beverly Hills (1935–1939) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmláithreoir teilifíse (1963–2000), scríbhneoir (1961–), cócaire (1949–), cúntóir riaracháin (1944–1945), cléireach (1943–1944), cúntóir taighde (1942–1943), clóscríobhaí (1942–1942), cóipscríbhneoir (1935–1939) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1935 –
FostóirOffice of Strategic Services (en) Aistrigh (1942–1945)
W. & J. Sloane (en) Aistrigh (1935–1939) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéilePaul Cushing Child (1946–1994) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn McWilliams Jr.  agus Julia Carolyn Weston
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0157463 TV.com: people/julia-child
Find a Grave: 9311948 Cuir in eagar ar Wikidata

Luashaol agus oideachas cuir in eagar

Mar Julia Carolyn McWilliams a rugadh Child in Pasadena, California, iníon John McWilliams, Jr., céimí Ollscoil Princeton agus bainisteoir talún, agus a bhean chéile, Julia Carolyn ("Caro") Weston, oidhrí comhlacht mhór páipéira raibh a hathair féin ina leasghobharnóir ar Massachusetts. Ba í Julia an duine ba shine de thriúr páistí[1]: John McWilliams III (1914–2002) a deartháir, agus Dorothy Dean Cousins (1917–2006) a deirfiúr.

Chuaigh Child ar scoil i gCalifornia, ar scoil chónaí i gcás na hardscoile, an Branson School in Ross, California[2] Bhí Child sé throigh (1.88m) ar airde agus go maith ag spóirt; d'imir sí leadóg, galf, agus cispheil agus í ina páiste agus i gColáiste Smith ní ba dhéanaí.[3]

Agus Julia ag fás aníos bhí cócaire ag a teaghlach sa teach, ach níor fhoghlaim sí aon chócaireacht ón gcócaire. Dhéanadh a seanmháthair taoschnónna agus crullers. D'fhoghlaim Child an chócaireacht i ndiaidh bualadh le Paul, mar b'as teaghlach eisean a chuir an-spéis i mbia.[4]

Nuair a bhí a céim tríú leibhéil bainte amach aici, thug Child aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac. D'oibrigh sí mar chóipscríbhneoir i roinn na fógraíochta ag W. & J. Sloane, gnólacht a dhíol troscán do dhaoine rachmasacha. D'fhill sí go California i 1937, agus chaith sí cheithre bliana ag scríobh d'fhoilsicháin áitiúla, agus ag obair go deonach le Junior League Phasadena.[5]

Gairmshaol cuir in eagar

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, rinne Julia Child iarracht dul isteach sna ranna ban san Arm (na "WACs") aus san Chabhlach ("WAVE"s) ach theip uirthi os rud í a bheith ró-ard. Sa deireadh, fuair sí post san OSS (an Oifig Fhaisnéise Rúnda). Chuir an OSS í go Kunming, sa tSín, agus ba ansin a chuir sí aithne ar an bhfear a phós sí, Paul Cushing Child, a bhí fostaithe ag an OSS freisin. Chaith siad tamall ag obair in Kandy, sa tSiolóin (Srí Lanca inniu).

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Biography of Julia Child, Noel Riley Fitch, pg. 169, paragraph 2..."Dorothy (at six feet four)"
  2. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2006). Lexington: University Press of Kentucky. Dáta rochtana: 12 August 2014. 
  3. Teimpléad:Cite video
  4. "Fresh Air with Terry Gross, October 7, 1983: Interview with Julia Child.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Deireadh Fómhair 11, 2016. Dáta rochtana: Deireadh Fómhair 27, 2016. “"Is féidir éisteacht leis an agallamh ach scrolladh síos go 'View online'."”
  5. "The Junior League Asks: So What Else Was Julia Child Known For?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-27. Dáta rochtana: 2016-10-27. Dáta rochtana: 27-10-2016

Naisc sheachtracha cuir in eagar