Cabúicí (歌舞伎) ná drama damhsa clasaiceach Seapánach. Tá sé de cháil de bharr stíliú an drámaíocht agus an smideadh áibhéalta a chaitheann cuid de na taibheoirí.

Ó chlé go deas, cialaíonn na ceansaithe can (歌), damhsa (舞), agus scil (伎). Is de bharr go bhfuil "ealaín na hamhránaíochta agus na damhsa" mar an ngnáthaistriúchán ar Cabúicí. Is carachtair ateji iad seo, áfach, nah léiríonn fíor-sansaíochta. Go ginearálta, déanann an kanji i gcomhair 'scil' trácht ar thaibheoir in amharclann cabúicí. Ós rud é go díorthaíonn an focal 'cabúicí' ón mbriathar kabuku, a chialaíonn "chun a bheith as an ngnáth", is féidir cabúicí a léamh mar amharclann "avant-garde" nó "ait". Ar dtús, rinne an nath kabukimono (歌舞伎者) trácht ar éinne a bhí glésta go hait. An Gaeilge a chuirtear air go minic ná "rudaí ait" nó "daoine mire", agus rinne sé tagairt ar an éadaí a bhíodh á chaitheamh ag Samúraithe.

Stair cuir in eagar

1603-1629: Bean Cabúicí cuir in eagar

Thosaigh stair an cabúicí i 1603 nuair a thosaigh Izumo no Okuni ag aithris le compántas de bean-rinceoirí i stíl nua rince, ar stáitse gharbh