Is í Kajaani (Sualainnis: Kajana) príomhchathair Kainuu, ar réigiún é i dtuaisceart na Fionlainne taobh theas den Laplainn agus taobh thoir den Ostrabóitne. Sa bhliain 2015 bhí cónaí ar 37,714 duine in Kajaani.
Ba é an Cunta Peadar Brahe (Fionlainnis: Pietari Brahe, Sualainnis: Peter Brahe) a bhunaigh an chathair sa bhliain 1651, ach níor tháinig fás ar an áit i gceart roimh an bhfichiú haois. Ní raibh ach míle dhá chéad duine ina gcónaí in Kajaani i dtús na haoise sin. Rinne buamaí an Aontais Shóivéadaigh an-scrios ar an gcathair le linn an Dara Cogadh Domhanda, ach thosaigh an borradh arís i ndiaidh an chogaidh, agus atógáil ar siúl ar fud na háite. Le teacht na nóchaidí áfach thosaigh Kajaani ag cailleadh daonra, ó bhí muintir na háite ag aistriú go hOulu agus go Heilsincí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |