Katyn

sráidbhaile i lár na Rúise

Is baile beag in iarthar na Rúise é Katyn, suite in aice le Smolensk.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilKatyn
Катынь (ru) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°46′12″N 31°41′23″E / 54.770089°N 31.689811°E / 54.770089; 31.689811
Daonra
Iomlán1,737 (2007) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús62.17 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla27.94 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde167 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist214522 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód481 Cuir in eagar ar Wikidata
OKTMO ID (en) Aistrigh66644436101 Cuir in eagar ar Wikidata
OKATO ID (en) Aistrigh66244836001 Cuir in eagar ar Wikidata

Eirleach Katyn cuir in eagar

Nuair a d'ionsaigh arm na Gearmáine an Pholainn i Mí Mheán Fómhair 1939, tháinig na Sóivéadaigh isteach ón taobh eile, agus sa deireadh, chuaigh críochdheighilt ar an bPolainn de réir na teorann a bhí socraithe ag an nGearmáin agus ag an Aontas Sóivéadach roimhe sin. Bhí an Pholainn cloíte ag an nGearmáin agus ag an Aontas Sóivéadach araon, agus fágadh cuid mhór saighdiúirí Polannacha i mbraighdeanas sa Rúis.

 
An sléacht

Ar an 5 Márta 1940, shínigh Lavrentiy Beriya, ceannasaí na bhfórsaí slándála san Aontas Sóivéadach, ordú chun na mílte oifigeach agus sibhialtach Polannach a mharú faoi cheilt. Déanadh cuid mhaith den dúnmharú i coillte Katyn. Is deacair a rá cé mhéad a maraíodh ansin, ach is dócha go raibh timpeall ocht míle oifigeach airm agus 21,768 daoine go hiomlán idir Katyn agus áiteanna eile.

Le blianta fada, shéan an rialtas Sóivéadach go ndearnadh eirleach ann, ach faoi dheireadh, sa bhliain 1990, d'admhaigh siad gur cuireadh an marú i gcrích faoi orduithe Sóivéadacha.

Timpiste Aeir cuir in eagar

Fuair Lech Kaczynski (uachtarán na Polainne ó 2005 go 2010) agus 130 daoine eile bás i dtubaiste aeir sa Rúis ar an 10ú lá de mhí Aibreáin, 2010, le 130 daoine eile, is iad ag taisteal go cuimhneachán in Katyn.