Kjartan Fløgstad

scríbhneoir Ioruach

Scríbhneoir Ioruach é Kjartan Fløgstad agus é ag cleachtadh an teanga Nynorsk ina chuid saothar. Rugadh i Sauda (cúige Rogaland) é ar an 7 Meitheamh 1944, agus é ag scríobh filíocht, úrscéalta agus aistí.

Infotaula de personaKjartan Fløgstad

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Meitheamh 1944
79 bliana d'aois
Sauda, An Iorua Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bergen Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Norwegian Authors' Union (en) Aistrigh (–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ioruais agus Nynorsk
Ghlac sé/sí páirt i
2015Santiago International Book Fair 2015 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAslak Nore Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm3414106 Musicbrainz: 8d183ac9-2ce9-49e5-9e88-623dda4f4c58 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Ba é an chéad saothar ó pheann Fløgstad a chuaigh i gcló ná an díolaim filíochta úd Valfart ("Oilithreacht"), a foilsíodh sa bhliain 1968. Ba é an t-úrscéal úd Dalen Portland ("Gleann Portland) sa bhliain 1977 a bhain amach clú agus cáil dó.

Chaith an scríbhneoir seal ag staidéar litríochta in Ollscoil Bergen, ach ina dhiaidh sin chuaigh sé ag obair sa tionsclaíocht agus ina mhairnéalach. As an saoltaithí seo a fáisceadh an chéad díolaim filíochta. Sa bhliain 1970 tháinig an chéad leabhar próis i gcló, mar atá, Den hemmelege jubel ("An Ríméad Rúnda"). Dhá bhliain ina dhiaidh sin d'fhoilsigh sé an leabhar gearrscéalta úd Fangliner, inar thug sé cur síos ar shaol an lucht oibre i dteanga an lucht oibre. Bhí blas an Mharxachais le haithint go soiléir ar an leabhar áirithe seo. Maidir leis an úrscéal Dalen Portland, caitheann sé súil ar lucht oibre na hIorua freisin, agus é ag tabhairt cuntais ar fhorbairt na sochaí tionsclaíochta i rith dhá ghlún. An chéad úrscéal eile a scríobh sé, mar atá, Fyr og flamme ("Tine agus Lasair"), is é is téama dó ná imeacht na sochaí tionsclaíochta, an dóigh a bhfuil sí ag titim as a chéile, agus cultúr aicmeach an lucht oibre ag dul in éag.

Chuaigh litríocht agus cultúr Mheiriceá Theas go mór mór i bhfeidhm ar Fløgstad - is féidir tionchar an réalachais thaibhsiúil a aithint ar a chuid úrscéalta. Scríobh sé roinnt saothar faoin ilchríoch sin, faoina bhfaca sé agus é ar cuairt ansin, chomh maith le cinniúint na n-inimirceánach ón Iorua ansin. D'aistrigh sé filíocht le húdair ó Mheiriceá Theas go hIoruais freisin.