Kuno Meyer

scoláire Gearmánach

Ba scoláire Gearmánach é Kuno Meyer (20 Nollaig 1858 – 11 Deireadh Fómhair 1919),[1] a tharraing clú air féin i réimse na focleolaíochta agus na litríochta Ceiltí. Mhúscail a sheasamh ar son na Gearmáine conspóid ag tús an Chéad Chogadh Domhanda agus é ag taisteal sna Stáit Aontaithe.

Infotaula de personaKuno Meyer

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Nollaig 1858
Hamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Deireadh Fómhair 1919
60 bliana d'aois
Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaErnst Windisch
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht agus léann Ceilteach
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmteangeolaí, múinteoir ollscoile, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Humboldt Bheirlín
Ollscoil Learphoill Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnOsborn Joseph Bergin
TeangachaAn Ghearmáinis, teangacha Ceilteacha, an Laidin, an tSean-Ghréigis agus Béarla
Teaghlach
SiblínEduard Meyer

Bhunaigh sé ceithre iris arbh é an Léann Ceilteach ab ábhar dóibh,[2] d'fhoilsigh sé a lán téacsanna agus aistriúcháin de sheanscéalta agus scríobh i dtaobh mórán rudaí eile, bunús ainmneacha, seandlíthe agus eile.[3]

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh i Hamburg sa Ghearmáin é, mar a bhfuair sé oideachas san Gelehrtenschule des Johanneums. Ansin d'fhreastail sé ar Ollscoil Leipzig. Is i Leipzig a d'freastail sé ar léachtaí an Ollaimh Ernst Windisch, rud a rinne sé ón bhliain 1879 ar aghaidh. Fuair sé a Dhochtúireacht i ngeall ar an tráchtais Eine irische Leagan der Alexandersage sa bhliain 1884. Sa bhliain 1895 ghlac sé post mar léachtóir i dteangacha Teotanacha i gColáiste na hOllscoile, Learpholl, coláiste a ndearnadh Ollscoil Learpholl de in 1903.

Lean sé air ag scríobh faoin tSean-Ghaeilge go háirithe agus faoi na teangacha Ceilteacha i gcoitinne, agus d'fhoilsigh téacsleabhair Ghearmáinise. Sa bhliain 1896 bhunaigh sé an iris iomráiteach Zeitschrift für celtische Philologie agus chuir in eagar é i gcomhpháirt le Ludwig Christian Stern. Bhunaigh sé féin agus Whitley Stokes Archiv für celtische Lexicographie in 1898, agus chuir siad trí imleabhar amach idir 1900 agus 1907.[4]

In 1903 chuir sé Scoil an Léinn Ghaelaigh ar bun i mBaile Átha Cliath. In 1904 chuir sé an iris Ériu ar bun, iris a raibh sé ina eagarthóir uirthi. An bhliain chéanna ceapadh é mar Ollamh Todd sna teangacha Ceilteacha in Acadamh Ríoga na hÉireann. In 1911 ceapadh é mar Ollamh na Focleolaíochta Ceiltí in Ollscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín.[5]

Chatalógaigh sé iontrálacha ag scríobhaithe éagsúla i lámhscríbhinn ón 17ú haois a scríobhadh i Lováin agus a caomhnaíodh sa Bhibliothèque Royale sa Bhruiséil.

Nuair an thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda chuaigh sé chun na Stát Aontaithe, ag tabhairt léachtaí in ollscoileanna. Thug sé caint i bhfabhar na Gearmáine do Clan na Gael in 1914 ar Long Island, rud a tharraing fearg sa Bhreatain agus ba chúis le scoilt i measc na nÉireannach.[6]

Gortaíodh é in imbhualadh iarnbhóthair in 1915 agus bhuail sé le Florence Lewis, bean a bhi seacht mbliana is fiche d'aois, agus é ag teacht chuige féin in ospidéal in California. Ba ghearr gur phós siad.[7] Chuaigh Florence chun na Gearmáine in 1916 agus chuaigh seisean ann in 1917. In 1919 bhain Florence agus a hiníon an Eilvéis amach. Fuair Meyer bás in Leipzig.

In 1920 dúirt Dubhghlas de hÍde, a raibh aithne aige ar Meyer, gurbh fhear é siúd arbh fhurasta cion a thabhairt dó agus a raibh cion aige ar Éirinn. Dúirt de hĺde gur chuidigh sé le Conradh na Gaeilge sa díospóireacht faoi mhúineadh na Gaeilge sa Mheánteistiméireacht.[8]


Rogha leabhar cuir in eagar

  • 1885: The Irish Odyssey
  • 1892: The Vision of MacConglinne, le Alfred Nutt
  • 1894: The Voyage of Bran
  • 1896: Early Relations of the Brython and Gael
  • 1901: King and Hermit
  • 1905: Cáin Adamnáin: An Old Irish Treatise on the Law of Adamnan
  • 1911: Selections from Ancient Irish Poetry
  • 1912: Sanas Cormaic, an Old Irish Glossary
  • 1913: Learning in Ireland in the Fifth Century
  • 1914: Über die älteste irische Dichtung

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MEYER, Kuno (1858–1919) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Best, R. I.. 'Kuno Meyer,' Ériu, Volume 9, 1923, lgh 181–186
  3. Titley, Alan. 'King Kuno,' Books Ireland, 162, Cambridge University Press, October 1994, lgh 188–189
  4. Ó Lúing, Seán. Kuno Meyer, 1858–1919: A Biography. Geography Publications, 1991, lgh 21, 249. ISBN 0906602173.
  5. Ó Lúing, lgh 172–3
  6. Ó Lúing, lgh 170-3
  7. Ó Lúing, lgh 195, 212
  8. Hyde, Douglas. 'Canon Peter O'Leary and Dr. Kuno Meyer,' Studies: An Irish Quarterly Review, Volume 9, Number 34, June 1920, lgh 297–301