Lá 112, Uimhir Éigeandála na hEorpa

Bíonn Lá Eorpa 112 ar an 11 Feabhra ar fud na hEorpa go bliantúil. Chuir an Aontas Eorpach ar bun é le feasacht a spreagadh agus úsáid oiriúnach a dhéanamh den uimhir éigeandála 112 na hEorpa.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá 112, Uimhir Éigeandála na hEorpa
Cineállá feasachta Cuir in eagar ar Wikidata
11 Feabhra Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábhar112 Cuir in eagar ar Wikidata


Griangraif: Aerfort Stuttgart (An Ghéarmáin): Daltaí ó na scoile cheoil i Leinfelden-Echterdingen, Schönbuch agus Stuttgart ag seinnt amhrán na hEorpa ag ócáid Lá 112 na hEorpa ar 11 Feabhra 2014.

Lá 112, Uimhir Éigeandála na hEorpa cuir in eagar

Cuirtear an uimhir ar bun sa bhliain 1991 chun glaoch éigeandála coitianta a chur ar fáil i ngach ballstát san Aontas Eorpach.[1] Tá uimhir teileafón náisiúnta sa bhreis i gcuid de thíortha-AE. Ón bhliain 2008, is féidir na seirbhísí freagartha glaonna éigeadála a rochtain ó gach líonra seasta nó soghluaiste taobh istigh den AE saor in aisce leis an uimhir teileafón coitianta 112. De bharr poblaíocht méadaithe ar 112 mar uimhir éigeandála na hEorpa, is siombail coitianta é, ní amháin de chabhair agus tacaíocht, ach leis an Aontas Eorpach trí chéile.

 
Ba í Edelgard Huber von Gersdorff, 112 bliain d’aois mar bhanphátrún oinigh den feachtas “An Eoraip Amháin – Uimhir Amháin!” atá dírithe ar fheasacht a mhéadú ar uimhir éigeandála 112 na hEorpa.

Bunús cuir in eagar

Shínigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa agus Coimisiúin na hEorpa rún trí pháirtí sa bhliain 2009 chun Lá 112 bliantúil na hEorpa a bhunú. Meastar go méadófar eolas ar rochtain agus ar na buntáistí a bhaineann le glaoch éigeandála 112 na hEorpa. Roghnaítear 11 Feabhra toisc go bhfuil an dáta san áireamh ar an uimhir teileafón (11.2.)[2] Rinneadh plé ar an smaoineamh chun aon lá amháin a chur ar leataobh don ghlaoch éigeandála Eorpach i bPairlimint na hEorpa sa bhliain 2007 i gcomhthéacs na h-úllmhúcháin don Dearbhú Pharlaimint na hEorpa ar an uimhir eigeandála 112.[3] Dheimhnigh go raibh géarghá le méadú ar leibhéal an fheachtas ar uimhir éigeandála na hEorpa ag an Flash Eurobarometer 228 ó Feabhra 2008. Ní raibh ach 14% de phoblacht na hÉireann ar an eolas ar an bhfíric seo.[4] Cuirtear leis an tuairim seo sa bhliain 2009 (meán-AE 24%, Éire 16%) [5] agus sa bhliain 2010 (meán-AE 25%, Éire 18%).[6]

Comóradh cuir in eagar

Cuirtear a lán gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hEorpa chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá 112 na hEorpa. Tá cuid acu eagraithe ag polaiteoirí agus oifigigh rialtais, cuid eile ag seirbhísí slándála, comhraiceirí tine agus eagraíochtaí neamhbhrabúis. Sa bhliain 2020, roinn an Séirbhís Náistiúnta Otharcharr físeáin iomadúla de na daoine a thógann glaochanna, paraimhíochaineoirí agus daoine eile le feachtas a mhéadú don uimhir éigeandála na hEorpa.[7] D’eagraítear gníomhaíochtaí den chineál céanna ar fud na hEorpa, mar shampla, ghleas an Manneken-Pis sa Bhruiséil i bhfeisteas 112 nó san Eastóin, áit a spreagadh daltaí réamhscoile agus teaghlaigh, 112 a scríobh sa sneachta.[8]

Tagairtí cuir in eagar