Ceiliúrtar an Lá Domhanda gan Tobac ar an 31 Bealtaine gach bliain.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Domhanda gan Tobac
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
31 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharsmoking ban (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinwho.int… Cuir in eagar ar Wikidata

Bíonn duine amháin as gach beirt a bhaineann triail as caitheamh tobac ina chaiteoir tobac agus gheobhaidh duine as gach beirt chaiteoirí tobac bás ó ghalar a bhaineann le tobac.[1]

Tá sé mar aidhm ag an feachtas Not Around Us / Níl inár dtimpeall spreagadh a thabhairt do dhaoine a chaitheann tobac agus a bhíonn ag vápáil gan a bheith ag caitheamh nó ag vápáil timpeall ar dhaoine eile.[1]

Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhís HSE Quit chun tacaíocht a fháil.[2]

Tionscnaimh cuir in eagar

Eagraíodh cúpla tionscnamh a raibh tacaíocht airgid acu ón rialtas.

2018 cuir in eagar

Chuir an tionscnamh "Éire Shláintiúil' i bhfeidhm ar fud an Rialtais chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do dhaoine le roghanna sláintiúla a dhéanamh ina saol. Bhí bearta nua ar bun, mar shampla, chun bia sláintiúil agus leibhéil shláintiúla de ghníomhaíochtaí fisiciúla a chur chun cinn.[3]

 
Calcutta, India, 31 Bealtaine 2010

2019 cuir in eagar

Tharla méadú suntasach ar an bpraghas agus an dleacht mháil íosta ar tháirgí tobac, rud a leagadh síos i mBuiséad 2019.

2020 cuir in eagar

Eagraíodh in Éirinn an tionscnamh "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís".[4] Is é an timpeallacht sa bhaile an fachtóir is mó a bhfuil tionchar aige ar an dóchúlacht go gcaithfidh daoine tobac nuair atá siad níos sine.

 
1958, An Roinn Sláinte, an Nua-Shéalainn

2021 cuir in eagar

Roghnaíodh Éire chun óstáil a dhéanamh ar an gcéad Chomhdháil Dhomhanda eile ar an Tobac nó an tSláinte sa bhliain 2021, rud arb é an phríomhchomhdháil ar shaincheisteanna tobac é.[5]

2022 cuir in eagar

Téama feachtais domhanda 2022 : “Tobac: Bagairt dár timpeallacht” ag ardú feasacht faoi thionchar tobac ar an dtimpeallacht (saothrú, táirgeadh, dáileadh agus fuíollábhar).

Tagairtí cuir in eagar