Lá Domhanda na Daonnúlachta

Ceiliúrtar Lá Domhanda na Daonnúlachta ar fud na cruinne gach bliain ar an 19 Lúnasa chun ómós a léiriú d’oibrithe cabhracha a fuair bás nó a gortaíodh le linn a gcuid oibre. Is ócáid í freisin

  • chun ár dtiomantas comhchoiteann do luacha na daonnúlachta a cheiliúradh;
  • chun cuidiú le domhan níos daonnúla a chruthú.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Domhanda na Daonnúlachta
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht19 Lúnasa 2009 - 
19 Lúnasa Cuir in eagar ar Wikidata


Olivia Owen

Léiríonn an lá an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idirnáisiúnta chun riachtanais na ndaoine is leochailí ar domhan a shásamh.

Lá Domhanda na Daonnúlachta in Eírinn cuir in eagar

Tharraing an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an 19 Lúnasa 2017[1] aird ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idirnáisiúnta chun riachtanais na ndaoine is leochailí ar domhan a shásamh. Is deis atá i Lá Domhanda na Daonnúlachta, a dúirt sé, ár ndlúthpháirtíocht le níos mó ná 130 milliún duine thart timpeall an domhain, a bhfuil daonchabhair de dhíth orthu chun maireachtáil, a léiriú.

 

"Is ábhar bróid dúinn an dea-theist ar Éirinn ina tacaíocht d’íospartaigh na coimhlinte agus na dtubaistí nádúrtha. Agus is féidir linn misneach a thabhairt dá chéile dul i mbun gnímh, agus beartais a lorg a chuideoidh le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an bhforéigean.”

Tagairtí cuir in eagar

  1. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-12-20.