Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil
Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil[1] ar an 30 Aibreán gach bliain.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) International Jazz Day |
---|---|
Cineál | lá idirnáisiúnta |
Ainmnithe in ómós | snagcheol |
Comóireann sé | snagcheol |
Bailíocht | 10 Samhain 2011 - |
Lá | 30 Aibreán |
Tréimhse | 2012 - |
Príomhábhar | snagcheol |
Eagraí | na Náisiúin Aontaithe |
Suíomh gréasáin | un.org… |
Bíonn an fhéile á eagrú ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA) in éineacht lena príomhchomhpháirtí, Institiúid Thelonious Monk le haghaidh an tSnagcheoil. Tá Cathaoirleach na hInstitiúide Herbie Hancock ina Ambasadóir EOECNA le haghaidh Idirphlé Idirchultúrtha.[2]
An Fhéile sna Stáit Aontaithe cuir in eagar
Tá páirt ag KEYED UP, eagraíocht neamhbhrabúis a dhéanann iarracht ar an sult a bhaintear as an snagcheol agus léirthuiscint air a leathnú trí thaispeántais a thabhairt in ionaid nach mbaintear dóthain úsáide astu ar fud Nua-Eabhrac.
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ ""Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-30.
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-30.