Lá Nua

nuachtán Gaeilge a foilsíodh i mBéal Feirste

Ba nuachtán náisiúnta Gaeilge é (agus níos déanaí Lá Nua) a bhí lonnaithe i mBéal Feirste. Bhíodh sé á fhoilsiú go laethúil, cúig in aghaidh na seachtaine. Ba é an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge[1].

Infotaula de publicacions periòdiquesLá Nua
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1984 Cuir in eagar ar Wikidata
Seoladh phoistTeach Basil, Lána Bhaile Haine, Béal Feirste
Tréith
Formáid nuachtáintáblóideach

Suíomhnuacht.com Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bunaíodh Preas an Phobail, nuachtán seachtainiúil, sa bhliain 1981 i mBéal Feirste.

Foilsíodh an chéad eagrán de Dé Luain, 13 Lúnasa 1984.

Tar éis tamaill, d'athraigh Lá ina nuachtán seachtainiúil.

D'iompaigh sé ina nuachtán laethúil arís ar an 28 Aibreán 2003 a d'fhoilsítí ó Luan go hAoine[2].

Sa bhliain 2006, d'éirigh le i gcomórtas Fhoras na Gaeilge chun nuachtán nó foilseachán nuachta laethúil a fhoilsiú.

In Eanáir 2007 d'athraigh sé a ainm go Lá Nua.

I mí Dheireadh Fómhair na bliana 2008, dheimhnigh Bord Foras na Gaeilge nach mbeadh maoiniú nua ar fáil don nuachtán. Foilsíodh an t-eagrán deireanach ar an 19 Nollaig 2008.

I measc na n-eagarthóirí, bhí Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Concubhar Ó Liatháin agus faoi dheireadh Dónall Mac Giolla Chóill (Fea-Nollaig 2008).

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. RTÉ (1984). "Irish language newspaper first published 1984". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
  2. an Phoblacht (2003). "De Brun praises Lá". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2008.