Lámhscríbhinn Ghleann Masáin

Lámhscríbhinn Albach phárpháipéir den 15ú haois is ea Lámhscríbhinn Ghleann Masáin. Caomhnaítear é i Leabharlann Nàiseanta na h-Alba, Dún Éadain, faoin gcód Adv. MS 72.2.3. Coinníodh roimhe sin é san Advocates Library, Dún Éadain, rangaithe mar MS 53. Scéalta na Rúraíochta as Gaeilge na hAlban atá le le fáil sa chnuasach, san áireamh Táin Bó Fliodhais agus Oided mac nUisnig (Oidheadh Chlainne Uisnigh, leagan de Longes mac nUislenn).

Foinse cuir in eagar

Tá an lámhscríbhinn ainmhithe as iontráil ar an leathanach tosaigh, a mhaíonn gur críochnaíodh an cnuasach ag Gleann Masáin, ar an ngarinis Còmhghall i bparóiste Dùn Omhain, Earra-Ghàidheal, sa bhliain 1238. Bunaithe ar fianaise on teangan (m.s. uainíocht na litrithe ao agus ai don défhoghar céanna), molann Donald MacKinnon gur tógadh luathlámhscríbhinn Gaelach go hEarraghael roimh 1238; gur scríobhadh athleagan ansin; agus gur cóip den leagan seo scríofa roimh 1500 is ea an lámhscríbhinn ar marthain.

Scríobh lámh déanach anaithnid ar leathanach 19 Leabhar Echdra ata ann so ar a scriobha le Eoin M'Tavis, ainm a fheictear anseo is ansiúd sa lámhscríbhinn, rud a thagann le foinse Earraghaeil an téacs. B'fhéidir gurbh é an príomhscríobhaí, cé nach féidir seo a dheimhniú.

Stair cuir in eagar

Is anaithnid í luathstair na lámhscríbhinne, cé gurb aghaidh é nach ndeachaigh sí ariamh laistigh d'Earraghael. Caitheann nótaí ar an imeall roinnt solais ar a stair is luaite. Ag bun fóilió 9, feictear an t-ainm de dhuine Robert Campbell at Glensluan, atá aitheanta mar choillteoir agus file i Còmhghall, a chum dán in ómós Edward Lhuyd agus a saothar Archæologia Britannica (clóscríobhta ann sa bhliain 1707). Ainmnítear William Campbell, gar nia Robert agus ministir Cill Chrèanain (ó 1745 i leith) agus Dail Abhaich, ar fhóilió 15 mar sheilbheoir an leabhair agus is amhlaidh go bhfuair sé é trína gar-uncail. Ainmnithe go dearfa mar sheilbheoir tá named owner James McIntyre as Gleann Ò (roimh 1782).

Tháinig cáil ar an lámhscríbhinn san 18ú haois, nuair a d'iarr chiste an Royal Highland and Agricultural Society of Scotland fianaise gur aistrigh James Macpherson dáiríre a chnuasach dánta Ossian as fíorGhaeilge ársa na hAlban.[1] Mhaíomh an tUrr. John MacKinnon as Gleann Dà Ruadhail go bhfuair sé an lámhscríbhinn ó dhaoine na áite, a d'inis dó go gcoinnítí í sa Bhailiúchán Cill Bhríde. Fuair an dlíodóir Lord Bannatyne seilbh ar an LS uaidhse, agus chuir sé ar aghaidh í chuig Cumann na nGarbhchríoch. Mhol MacKinnon, gur gan an t-amhras faoi MacPherson, ní thiocfadh an lámhscríbhinn chun solais nuair a tháinig.

Rinneadh an chéad tras-scríbhinn le Ewen MacLachlan (1773–1822) sa Leabhar Caol 'saige. Glacadh áit a shaothair le Donald MacKinnon, a d'fhoilsigh leagan dioplómaitiúil le haistriúchán Béarla ar leathanaigh thall sa chéad cheithre imleabhar de The Celtic Review (1904–1908).

Tréithe cuir in eagar

Tá seacht nduilleog is fiche sa lámhscríbhinn, i bhformáid cuartó mór, san áireamh an dá cheann don chlúdach. Tá an téacs scríofa le dá cholún d'ocht, scaití naoi, líne is tríocha. Is measctha é an ceangal ag an tús binding: caithfear an 3ú ar marthain bheith an 5ú, agus tá bearna idir an 4ú agus an 5ú duilleoga; agus b'fhéidir idir an 5ú and 3ú; agus b'fhéidir idir an 3ú agus 6ú fóiliónna.[2]

Ábhair cuir in eagar

Téacsanna san áireamh:

  • Oided mac nUisnig (leagan de Longes mac nUislenn);
    • MacKinnon, Donald, eag. agus aistr. in Celtic Review 1 (1904–05): 12–7, 104–31 (eagrán dioplómaitiúil)
    • Cameron, A., eag. agus aistr. "Deirdre and the Sons of Uisneach." Reliquiae Celticae 2 (1894): 421–74 (bunaithe ar LS Ghleann Masain agus Dún Éideann, Adv. MS 56).
  • Fochonn loingse Fergusa maic Roig. Celtic Review 1 (1904–05): 208–29. Cf: leagan ón Leabhar Laighneach, eag. agus aistr. Vernam Hull, "The Cause of the Exile of Fergus Mac Roig – Fochond Loingse Fergusa meic Roig." ZCP 18 (1930): 293–8.
  • Toraigecht Tána Bó Flidaise (freisin Toruigheacht bó Flidais), leagan de Táin Bó Flidais. Celtic Review 4 (1907–08): 104–21, 202–19.

Foinsí cuir in eagar

Tuilleadh le léamh cuir in eagar

  • Lámhscríbhinní:
    • Mackechnie, John. Catalogue of Gaelic Manuscripts in Selected Libraries in Great Britain and Ireland, Iml. I, Boston, 1973.
    • Yeo, E.D. Summary Catalogue of the Advocates' Manuscripts. Leabharlann Náisiúnta na hAlban, Dún Éideann, 1971.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. MacKinnon, "The Glenmasan manuscript", lch. 5.
  2. MacKinnon, "Glenmasan", lch. 8.