Is léasar bídeach é léasar leathsheoltóra, nó dé-óidléasar leathsheoltóra, atá chomh beag le gráinne salainn, agus atá tábhachtach i dteileachumarsáid le snáithíní optúla agus athsheinnteoirí dlúthdhiosca. Tarlaíonn astú solais de bharr seoladh srutha leictrigh trí cheapaire de chisil ábhar leathsheoltach. Léiríodh sampla simplí de den chéad uair i 1962. Braitheann cumarsáid optúil ar léasair a fheidhmíonn sa gharinfridhearg ag tonnfhaid 1-2 μm. Rinneadh léasair leathsheoltóra a d'fheidhmigh ar thonnfhaid ghorma den chéad uair i 1995, agus léasair a tháirg solas ultraivialait den chéad uair i 1996. Is féidir iad seo a úsáid chun córais optúla stórála sonraí le toilleas ollmhór a tháirgeadh. Fionnadh léasair a bhí bunaithe ar chascáid chandamach i 1994, atá in ann i bhfad níos mó léasarchumhachta a ghiniúint ná gnáthléasair leathsheoltóra.[1]

Léasair leathsheoltóra (dearg, 650 nanaiméadar; uaithne, 532 nm; corcraghorm, 405 nm)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Léasar leathsheoltóra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 401.