Léigear na Cartaige (c. 149–146 BC)

Léigear na Cartaige
cuid de Na Cogaí Púnacha
Léigear na Cartaige

Inneall léigir Rómhánaigh i mbun gnímh le linn léigear na Cartaige sa Tríú Cogadh Púnach.

Dáta: c. 149 RCh- earrach 146 RCh
Áit: An Chartaig in aice le Túinis, An Túinéis
Toradh: Bua cinntitheach na Rómhánach
Céilí comhraic
An Phoblacht Rómhánach An Chartaig Ársa
Ceannasaithe
Manius Manilius agus Scipio Aemilianus Hasdrubal an Boetharch
Slua
80 000 saighdiúir coise
4,000 macra
50 cúigréim
30,000 saighdiúir coise
150,000–500,000 sibhialtach
Taismigh
cainníocht anaithnid 100,000–450,000 maraithe, 50,000 curtha i ndaoirse

Ba é Léigear na Cartaige príomh-chomhrac den Tíú Cogadh Púnach idir chathair Phúnach na Cartaige san Afraic agus Poblacht na Róimhe . B'oibríocht léigir í, ag tosú sa bhliain 149 nó 148 R.Ch., agus ag críochnú san earrach 146 RC le creachadh agus le scrios iomlán chathair na Cartaige .

Suíomh na Cartaige

Cúlra cuir in eagar

 
Suíomh Seandálaíochta na Cartaige

Tar éis an Dara Cogadh Púnach, bhí an Chartaig tar éis fás go han-saibhir mar gheall ar a trádáil, agus freisin toisc nach raibh uirthi arm amhais a choinneáil a thuilleadh, ceann de na coinníollacha síochána a síníodh leis na Rómhánaigh tar éis an chogaidh dheireanaigh. Mar thoradh ar mhéadú feirge na gCartagach leis na Rómhánaigh, a dhiúltaigh cabhair a thabhairt nuair a thosaigh na Numidiach ag ionghabháil talamh na Cartaige, d'fhógair siad cogadh orthu. Ceapadh Hasdrubal an Boetharch mar ghinearál ar an airm.

An léigear cuir in eagar

Tar éis d'arm Rómhánach faoi Manius Manilius teacht i dtíra san Afraic in 149 RC, ghéill an Chartaig, agus thug sí a giall agus a harm ar láimh, agus ghabhadh Hasdrubal. D'éiligh na Rómhánaigh géilleadh iomlán na cathrach. Nuair a fiafraíodh díobh cad a bhí beartaithe acu a dhéanamh chun na cathrach, dúirt an ginearálta Rómhánach leis na taidhleoirí go scriosfaí an chathair agus go n-athlonnófaí a háitritheoirí 50 míle intíre. Dhiúltaigh an chathair géilleadh rud nach raibh aon choinne ag na Rómhánaigh leis, chuir cinneadh na baicle a thacaigh le tabhairt suas na cathrach ar neamhnídh le vóta amháin sa bhreis i bhfabhar na cosanta.[1] Dhaingnigh muintir na Cartaige na ballaí agus thug siad dúshlán do na Rómhánaigh, cás a mhair ar feadh dhá bhliain. Le linn na tréimhse seo, rinne an 500,000 Cartagaigh taobh thiar de bhalla na cathrach a chlaochlú ina harmlann ollmhór. Sholáthair siad soláthar laethúil de thart ar 300 claíomh, 500 sleá, 140 sciath, agus os cionn 1,000 diúracán le haghaidh crann tabhaill.[2] Thogh na Rómhánaigh Scipio Aemilianus, a bhí óg agus a riahh gean air, mar chonsal, tar éis do dhlí speisialta a rith chun fáil réidh leis an srian aoise. D'athchuir Scipio smacht i bhfeidhm, bhuaigh sé ar na Cartagaigh ag Nepheris agus chuir sé an chathair faoi léigear go dlúth, ag tógáil muirmhúir chun an chuain a bhlocáil.[3] San earrach, sa bhliain 146 RCh, ghabh Scipio agus na trúpaí Rómhánacha balla Chotón na Cartaige. Rinne siad ansin a mbealach trí chalafoirt dúbailte na cathrach, rud a bhí indéanta de bharr gur ghlac Hasdrubal leis go dtiocfadh ionsaí na Rómhánach as treo eile. Le breacadh an lae, d'ionsaigh 4,000 trúpaí úr Rómhánach faoi stiúir Scipio an Bursa, an chuid is láidre den chathair. Bhítrí trí shráid, ar a raibh tithe sé urlár iontu, ar an mbealach go dtí Dúnfort an Bhursa, agus throid na Carthaginigh agus na Rómhánaigh a chéile ar dhíonta na bhfoirgnimh agus ar na sráideanna. D'úsáid na Rómhánaigh foirgnimh gafa chun foirgnimh eile a ghabháil. D'ordaigh Scipio na tithe go ndóitear na tithe agus a gcosantóirí fós istigh iontu. Ghabh Scipio an Bursa ansin agus chuir sé tine ar na foirgnimh láithreach bonn, rud a chruthaigh níos mó díothaithe agus básanna. Lean an troid ar aghaidh ar feadh sé lá agus oíche eile, go dtí gur ghéill muintir na Cartaige. Díoladh thart ar 50,000 áitritheoir a bhí fósbeo ina sclábhaí agus ansin leagadh an chathair go talamh. Fógraíodh an talamh mórthimpeall na Cartaige sa deireadh thiar mar ager publicus (talamh poiblí) agus roinneadh é idir feirmeoirí áitiúla agus coilínigh na Róimhe agus na hIodáile.[4]

Le linn an léigir, tháinig 900 slán as, an chuid is mó acu ina dtréigtheoirí Rómhánacha, tar éis tearmann a fháil i dteampall Eshmun, i gceantar Dhúnfort an Bhúrsa, cé go raibh sé á dhó cheana féin. Rinne siad iarracht géilleadh a idirbheartú ach d'fhógair Scipio Aemilianus go raibh maithiúnas dofhaighte do Hasdrubal, an ginearál a chosain an chathair nó dóibh siúd a thug cúl le cúis. D'fhág Hasdrubal an Dúnfort chun géilleadh agus ghuí ar son trócaire (do chéas sé príosúnaigh Rómhánacha os comhair arm na Róimhe). Ag an nóiméad sin, maítear gur imigh bean Hasdrubal amach in éindí lena beirt leanaí, gue mhaslaigh sí ar a fear céile, thug suas a mic agus léim sí leo i dtine a bhí tosaithe ag na tréigtheoirí.

Léim na tréigtheoirí iad féin isteach sna lasracha, leis sin thosaigh Scipio Aemilianus ag gol fúthu. D'aithris sé abairt ó Iliad Hóiméir, tairngreacht faoi dhíothú na Traí, a d'fhéadfaí a dháileadh ar Chartaig. Dhearbhaigh Scipio go bhféadfadh cinniúint na Cartaige lá amháin a bheith ag an Róimh. I bhfocail Pholybius:

Scipio, nuair a bhreathnaigh sé ar an gcathair mar a bhí sí ag dul i léig go hiomlán agus abheith sna croití deireanacha, gur shil sé deora agus gur chaoin sé go hoscailte dá naimhde. Tar éis dó bheith ag machnamh go domhain ar feadh i bhfad, agus a thuiscint go gcaithfidh na cathracha, na náisiúin, agus na húdaráis go léir, ar nós na bhfear agus bás a fháil; gur tharla sé seo d'Ilium, a bhí ina chathair shaibhir uair amháin, d'Impireachtaí na hAisiria, na Méidigh, agus na nAcaeiméineach, ba chumhachtaí le linn na tréimhse sin, agus don Mhacadóin féin, a bhí le gairid faoi lán sheol, sin de bhun tola nó na véarsaí ag éalú uaidh, dúirt sé:

Uair éigin, tiocfaidh an Traíl chun deiridh,
Agus marófar Priam agus a mhuintir.

Agus nuair a labhair Polybius go neamhshrianta dó, mar ba é a mhúinteoir, d’iarr sé air cad a chiallaigh sé leis na focail, deir siad gur ainmnigh sé a thír féin gan aon iarracht ar é a cheilt, mar goraibh faitíos air nuair a smaoinigh sé ar chinniúint gach neach daonna. Chuala Polybius é agus meabhraíonn sé ina stair é.[5] }}

Tuairimí na staraithe cuir in eagar

Ón 19ú haois, tá sé ráite ag staraithe éagsúla gur threabh na Rómhánaigh an chathair ar ais sa talamh agus gur chuir siad salann isteach san ithir tar éis dó é a scriosadh ach ní thacaíonn foinsí ársa leis seo.[6] Líomhnaíonn scoláirí áirithe, lena n-áirítear an tOllamh Staire, Ben Kiernan, b'fhéidir gurb é scrios iomlán na Cartaige ag na Rómhánaigh an chéad chinedhíothú a tuairiscíodh riamh sa stair.[7][8]

Tagairtí cuir in eagar

  • Duncan B. Campbell, "Besieged: siege warfare in the ancient world", Osprey Publishing, 2006, ISBN 1-84603-019-6, pages 113–114
  • Goldworthy, Adrian, The Fall of Carthage (2000) London: Phoenix. ISBN 9780304366422
  1. Goldworthy pp 338–39
  2. Appian of Alexandria, The Punic Wars Curtha i gcartlann 2011-10-11 ar an Wayback Machine, "[1]"
  3. Goldworthy pp 346–49
  4. Appian The Punic Wars Curtha i gcartlann 2011-10-11 ar an Wayback Machine
  5. Polybius XXXVIII, 20-22 The Fall of Carthage
  6. "To Be Taken with a Pinch of Salt: The Destruction of Carthage" (1986). Classical Philology 81 (2): 140–146. doi:10.1086/366973. JSTOR 269786. 
  7. Kiernan, Ben (2004-08-01). "The First Genocide: Carthage, 146 BC" (as en). Diogenes 51 (3): 27–39. doi:10.1177/0392192104043648. ISSN 0392-1921. 
  8. Rubinstein, William D. (2014-07-10). "Genocide" (as en). Routledge.