I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Laoghaire Lorc (Sean-Ghaeilge Lóegaire Lorc[1]) mac Úgaine Mór.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLóegaire Lorc
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairÚgaine Mór Cuir in eagar ar Wikidata

Instear i Lebor Gabála Érenn[2] gur tháinig sé go díreach i gcomharbacht ar a athair, a bhí maraithe ag Bodbchad, cé go ndeir Seathrún Céitinn[3] agus na Ceithre Máistrí[4] gur tháinig Badhbhchaid i gcoróin le lá go leith sular mharaigh Laoghaire é.

Bhí Laoghaire i réim ar feadh dhá bhliain. Shantaigh a dheartháir Cobthach Cóel Breg an choróin, agus de réir comhairle draoi, lig sé air a bheith tinn, go dtuga Laoghaire cuairt air. Lena theacht, lig Cobhthach air go raibh sé marbh. Nuair a chrom Laoghaire thar a chorp le dobhrón, sháigh sé é le miodóig. D'íoc Cobhthach le duine ansin, nimh a thabhairt Ailill Áine mac Laoghaire, agus chur sé iachall ar Labraid mac Ailella croíthe a athar agus a sheanathar, agus luch, a ithe. Chuir Cobhthach ar deoraíocht é Labraid, is amhlaidh toisc gurbh eisean an fear is fáiltí in Éirinn.[5]

Achar ama cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1 lorc ar eDIL
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 275-277
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.28 - 1.29
  4. Annála na gCeithre Máistrí, M4606-4608
  5. Leabhar Laighneach, "The Destruction of Dind Rig"


Réamhtheachtaí
Úgaine Mór
Bodbchad
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 3ú haois RC
FFÉ 411–409 RC
ACM 594–592 RC
Comharba
Cobthach Cóel Breg