La Mama Theatre (Melbourne)

Amharclann bheag is ea La Mama Theatre a bhfuil an-tábhacht léi i gcúrsaí drámaíochta san Astráil. Tá sí le fáil ag 205 Faraday St, Carlton (fo-bhaile de chuid Melbourne), Victoria. Cuireadh ar bun í ar 30 Iúil 1967 agus ó shin i leith tá sí ag léiriú drámaí nua neamhghnácha.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
La Mama Theatre
Íomhá
Sonraí
CineálAmharclann
Dáta na hoscailte oifigiúla1967 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCathair Melbourne, Victoria
Suíomh205–207 Faraday Street, Carlton VIC 3053
Map
 37°47′57″S 144°58′04″E / 37.799122°S 144.967659°E / -37.799122; 144.967659
Listed on the Victorian Heritage Register (en) Aistrigh
Am19 Nollaig 2002
AitheantóirH1991
Suíomh gréasáin oifigiúillamama.com.au

Betty Burstall a bhunaigh La Mama. Chuaigh sí féin agus a fear céile Tim Burstall go dtí Nua-Eabhrac sna seascaidí agus chuaigh an La MaMa Experimental Theatre Club i bhfeidhm go mór uirthi. Áit í a ligfeadh isteach ar chaoga ceint thú, áit a bhfeicfeá drámaí nua neamhfhoirmiúla idir mhaith agus olc. Bhí ardú meanman ag baint leis an obair ach ní raibh a leithéid le fáil in Melbourne.

Chuaigh Betty chun cainte le lucht áitiúil drámaíochta faoi dhrámaí Astrálacha a léiriú ar bheagán costais agus shocraigh ar Carlton toisc gur cheantar beoga neamhghalánta lán de mhic léinn é agus rian an chultúir Iodálaigh air. Fuair sí foirgneamh dhá urlár a tógadh sa bhliain 1883 do Anthony Reuben Ford, clódóir, áit ilfheidhmiúil ar baineadh feidhm as ina dhiaidh sin mar mhonarcha buaitaisí, ceárta innealtóireachta leictrí agus monarcha fo-éadaí síoda. Anois tá sé liostáilte ar Chlár Oidhreachta Victoria.[1]

Tionscadal gan bhrabach ba ea La Mama agus fáilte aige roimh dhrámaí úra trialacha. Is beag dráma Astrálach a bhí á léiriú ag an am, agus ba é an chéad cheann a bhí le feiceáil ann Three Old Friends (1967), dráma le Jack Hibberd. Léiríodh an dráma ba mhó clú dá chuid, Dimboola, ann sa bhliain 1969.

D’eascair drámadaíocht shainiúil Astrálach ó La Mama – drámadaíocht a bhí fuinniúil, greannmhar, borb féin. Ní drámaí amháin a bhí ar siúl ann, ach saothair nua le cumadóirí, filí agus lucht scannánaíochta chomh maith. Tháinig daoine éirimiúla a d’fhágfadh a lorg ar a lán ealaíon san Astráil – drámadóirí, aisteoirí, stiúrthóirí, teicneoirí, ceoltóirí, lucht déanta scannán, filí, lucht grinn. Orthu bhí John Duigan, David Williamson, Barry Dickins, John Romeril, Judith Lucy agus Richard Frankland.[2]

Dóiteán agus atógáil cuir in eagar

Ar an 19 Bealtaine 2018 rinne dóiteán an-dochar do La Mama.[3] Táthar chun é a atógáil faoin mbliain 2021. Beidh an chuma chéanna ar an seanfhoirgneamh agus tógfar foirgneamh os a chomhair amach. Ní bheidh athrú ar an spás léirithe ná ar na sain-nithe a bhaineann leis (an staighre istigh, an chomhla agus an tinteán). Beidh an fhoireann riaracháin ag obair in áit ar leith.[4]

Tagairtí cuir in eagar

Le léamh cuir in eagar

  • Jones, Liz le Betty Burstall agus Helen Garner, La Mama: History of a Theatre. Penguin Books Australia, 1988

Naisc sheachtracha cuir in eagar