Is ainm coitianta ar roinnt speiceas d'éin uisce é lacha. Ní grúpa tacsanomaíochta iad na lachain — cuimsíonn siad an fhine Anatidae in éineacht leis na géanna agus na healaí.

Tréithe cuir in eagar

  • Éan réasúnta beag (is speiceas níos mó di na géanna is na healaí), uisciúil den chuid is mó, le scamall iomlán idir 3 mhéar coise.[1]
  • An muineál réasúnta fada, an gob maol leata. Bíonn péineas ag an bhfireannach, rud annamh i measc na n-éan.

Lachain agus Géanna cuir in eagar

Tá an lacha agus an ghé cosúil lena chéile freisin. Tá goba ag an dá cheann acu a ligeann dóibh bia difriúil a ithe. Cabhraíonn gob na lachan léi nuair a bhíonn sí ag lorg bia san uisce agus ligeann gob na gé di féar a phiocadh suas. Tá cosa scamallacha ag an lacha agus ag an ngé agus cabhraíonn siad leo bheith ag snámh.[2]

Seanfhocal cuir in eagar

  • Ní troimide an loch an lacha
  • Ní bheidh sé ina lá sula labhraí an lacha
  • Ní féidir préachán bréige a dhéanamh de lacha

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  2. agriaware.ie. "Bia ón bhfeirm". Dáta rochtana: 2023.