Lacha fara, dúchasach d'oirthear na hÁise ach a tugadh isteach i dtuaisceart na hEorpa is ea an lacha mhandrach (Aix galericulata).[1] An fireannach ildaite le ceann scáinte is cleití cosúil le seolta ar na sciatháin. Áitríonn sí uisce úr i measc crann, agus itheann síolta, éisc bheaga is feithidí. Neadaíonn sí i bpoll i gcrann.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLacha mhandrach
Aix galericulata Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais41 g (meáchan breithe) Cuir in eagar ar Wikidata
Réise sciathán71 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál10.4 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22680107 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdAnseriformes
FineAnatidae
GéineasAix
SpeiceasAix galericulata Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airAnas galericulata Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Ceantair eindéimeacha
Aix galericulata

Dáileadh cuir in eagar

Bhíodh an speiceas le fáil go forleathan san Áise Thoir, ach tá laghdú tagtha ar an líon díobh atá anois ann mar thoradh ar méid díobh a cuireadh chuig tíortha eile agus scriosadh na gcoillte arb iad gnáthóg na lachan. Ceaptar anois nach bhfuil ach 1,000 péire díobh in oirthear na Rúise agus 1,000 péire eile sa tSín. Is dócha go bhfuil 5,000 péire sa tSeapáin, áfach. Imircigh iad na pobail Áiseacha agus iad ag caitheamh an gheimhridh sna hísleáin in oirthear na Síne agus i ndeisceart na Seapáine.

Éalaíonn siad go minic as bailiúcháin díobh i dtíortha eile, agus sa 20ú haois tháinig pobal mór fiáin de lachain mhandracha ar an saol i Sasana. Le blianta beaga anuas tá siad le fáil in Éirinn freisin, i gCaisleán an Easpaigh sa tuaisceart ach go mór mhór i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath. Tá timpeall is 7,000 lacha mhandrach sa Ríocht Aontaithe. Tá grúpaí díobh ar Mhór-roinn na hEorpa freisin. Is i mBeirlín atá an grúpa is mó ann. Tá na lachain mhandracha le fáil anseo is ansiúd sna Stáit Aontaithe freisin, mar shampla in Black Mountain, Carolina Thuaidh agus i gContae Sonoma, California.

Gnáthaíonn an lacha mhandrach na coillte dlútha ar chiúmhaiseanna lochanna agus aibhneacha. Feictear iad in ísleáin sa chuid is mó ach uaireanta freisin i ngleannta suas go 1,500m in airde. Sa gheimhreadh, bíonn siad le feiceáil i riascanna agus ar aibhneacha chomh maith. Gí gur fearr léi fionnuisce feictear iad in inbhir agus múrlaigh ar na cóstaí freisin. San Eoraip, maireann siad i dtimpeallacht níos oscailte ná an ghnáthóg is dúchasach dóibh san Áise.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Aix galericulata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lacha mhandrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 390.