Scríobhadh Leabhar Bhaile an Mhóta, ARÉ MS 23 P 12, 275 ff., in 1390 nó 1391, i mBaile an Mhóta nó in aice leis, anois i gContae Shligigh, ach i dtuath An Chorainn ag an am.

Leathanach as Leabhar Bhaile an Mhóta

Táirgeadh agus stair cuir in eagar

Díolaimíodh[1] an leabhar ag deireadh na 14ú haoise, ag caisleán Bhaile am Mhóta ar son Tomaltaigh Mhic Dhonnchadha. Ba é an príomhthiomsaitheoir é Manas Ó Dubhgeannáin, sliocht de chlann a bhí ina nOllaimh agus scríobhaithe i ngiollacht Mhic Dhonnchadha agus chlann Mhic Dhiarmada. Ba scríobhaithe eile an leabhair iad Solomon Ó Droma, sliocht de chlann mór le rá as Contae Fhear Manach, agus Riobáird Mac Síoda. Is bailiúchán de shaothair níos sine é an leabhar, den chuid is mó lámhscríbhinní scaoilte agus doiciméid thairbheacha, a fágadh ar oidhreacht ag Mac Dhonnchadha.

Ar an gcéad leathanach, faightear léaráid den Áirc Naoi mar a mheas an scríobhaí mar a bhí. Tá an chéad leathanach scríofa ar iarraidh, agus tosaíonn an dara le cur síos ar aoiseanna an domhain.

Faightear sa leabhar tráchtais ar stair na gciníocha Giúdacha; Naomh Pádraig agus a theaghlach; treoracha ó Chormac do rí; agus suirbhéireacht fhisiciúil agus gheolaíoch ar Éirinn. Tá cuid mhaith den tsaothar curtha leis An bhFiannaíocht agus le Brian Bóramha, agus le Leabhar na gCeart. Tá ann chomh maith tráchtais ar ghairm an fhile, ar mheadaracht éigse, ar scríbhneoireacht Oghaim agus ar theangeolaíocht. Ag deireadh an leabhar, tá aistriúcháin ón nGréigis: Toghail na Traí agus fánaíocht Odaiséis, agus ina theannta achoimre an 'Aeneid' le Virgil, ag tús le haitheasc Nestor.

Maraon le cuid mhaith dá leithéid, tá clú agus cáil bainte amach ag Leabhar Bhaile an Mhóta de bharr a fhánaíochta. Le céad bhliain anuas, bhí sé ar na nithe is luachmhaire ar domhan leis an gclann Mhic Dhonnchadha de Chorran. Ag tús na 16ú haoise, ba é muintir Uí Dhomhnaill a bhí ina sheilbh, agus choinnigh siad é go dtí Teitheadh na nIarlaí sa bhliain 1603. Bhí sé sa leabharlann i Coláiste na Tríonóide ó 1620 go 1767. D'imigh sé ar iarraidh ón leabharlann agus fuarthas níos déanaí é i mBurgúin na Fraince. Sa bhliain 1785, tógadh ar ais go hÉirinn é, chuig Acadamh Ríoga na hÉireann, áit a bhfuil sé fós mar thaisce anois. Tógadh griangrafanna de in 1887 agus rinneadh dhá chéad chóip díobh.

Achoimre cuir in eagar

Ar an gcéad leathanach, faightear léaráid den Áirc Naoi. Tá an chéad leathanach scríofa ar iarraidh, agus tosaíonn an dara le cur síos ar aoiseanna an domhain. Ansin tá ann mar a leanas:

Ag deireadh an leabhair, tá blúiríní éagsúla as Gréigis agus Laidin, ina measc titim na Traí agus giota den Aeinéid.

Eagráin cuir in eagar

  • Robert Atkinson. NY: AMS Press. ISBN 0-404-17535-X
  • Ó Donnabháin, Seán, The Book of Rights, eag. agus aistr. 1847.
  • The Book of Ballymote: Photographic facsimile with introduction by R. Atkinson, Baile Átha Cliath, 1887.

Foinsí cuir in eagar

  • McDonagh, James, History of Ballymote and the Parish of Emlaghfad (1998). [1]
  • Harrison, A.: 'Leabhar Bhaile an Mhóta ag tús an 18ú haois', Éigse 23 (1989), 147-50.
  • Ó Concheanainn, T.: 'The Book of Ballymote', Celtica 14 (1981), 15-25.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. History of Ballymote and the Parish of Emlaghfad le James McDonagh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
  2. Trecheng ar eDIL