Is lámhscríbhinn mheánaoiseach é Leabhar (Mór) Leacáin ARÉ, MS 23 P 2, a scríobhadh idir 1397 agus 1418 i Castle Forbes, Leacán, i dtuath Thír Fhiachraigh, in aice le hInis Crabhann, Contae Shligigh. Caomhnaítear é i nAcadamh Ríoga na hÉireann.[1]

An dán 'Fland for Érind' ó Leabhar Mór Leacáin

Scríobh Ádhamh Ó Cuirnín Leabhar Mór Leacáin as Meán-Ghaeilge do Ghiolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh. Tógadh an t-hábhar ón Leabhar Laighneach, cóipeanna déanacha de Leabhar Gabhála na hÉireann, an dinnseanchas, an banseanchas agus Leabhar na gCeart.[1]

Ag am áirithe, bhí an leabhar i lámha James Ussher. Ina dhiaidh sin, thug Séamas II Shasana é don Choláiste Éireannach i bPáras. In 1787 thug an Chevalier Ó Raghallaigh ar ais go hÉirinn leis é. Tháinig an leabhar i seilbh Charles Vallancey, agus thug seisean don Acadamh é.

Bhí tríocha leathanach ann i dtosach; is amhlaidh gur cailleadh naoi gcinn díobh in 1724. Bhí mír mhór iontu agus eolas inti ar stair agus ar ghinealaigh chlanna Lochlannacha agus Gael-Lochlannacha na hÉireann, eolas nach bhfuil le fáil in aon áit eile.[2]

Tá na leathanaigh smeartha le bealadh éigin a fhágann trédhearcach agus doiléir iad.[1]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Jones' Celtic Encyclopedia.
  2. Alexander Bugge (eag. & aistr.), Duald Mac Firbis, On the Fomorians and the Norsemen. Christiania: J. Chr. Gundersens Bogtrykkeri. 1905. Féach réamhrá Bugge.