Leabharlann Choláiste na Tríonóide

Leabharlann Choláiste na Tríonóide suite i gColáiste na Tríonóide i lár Bhaile Átha Cliath.[1] Is í an leabharlann is mó in Éirinn í ina bhfuil os cionn 5 milliún imleabhar clóite, ina measc bailiúcháin mhóra leabhar, irisí, lámhscríbhinní, léarscáileanna agus ceoil, a léiríonn breis agus 400 bliain d’fhorbairt acadúil. Faigheann an leabharlann os cionn 100,000 ábhar nua a fhoilsítear sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn gach bliain.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Leabharlann Choláiste na Tríonóide
Íomhá
Sonraí
CineálLeabharlann agus leabharlann ollscoile
Cuid deColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Foirgníocht1592 Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°20′38″N 6°15′17″W / 53.3438127°N 6.25463593°W / 53.3438127; -6.25463593
Suíomh gréasáin oifigiúiltcd.ie…
Facebook: tcdlibrary Twitter: tcdlibrary Instagram: tcdlibrary Youtube: UCFw-OrXPxSEUduFi8JO3oVg Cuir in eagar ar Wikidata

Taighde cuir in eagar

 

Tacaíonn an Leabharlann le riachtanais teagaisc agus foghlama gach disciplíne sa Choláiste; is leabharlann mhór taighde í a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain; cuireann sí seirbhísí ar fáil do raon leathan úsáideoirí agus institiúidí seachtracha; cuireann sí le forbairt tionscnamh cruthaitheach maidir le faisnéis a chur ar fáil agus meallann na taispeántais lámhscríbhinní agus seoda eile na céadta míle cuairteoir chun cuairt a thabhairt ar an tSean-Leabharlann gach bliain.

Gaeilge cuir in eagar

 
1937 Reading Room agus an Long Room Hub

Tugtar eolas riachtanach ar ár leabharlanna, ár mbailiúcháin agus ár seirbhísí Gaeilge ar an suíomh gréasáin.

 
Máirtín Ó Cadhain

Bronnadh páipéir Mháirtín Uí Chadhain ar an Leabharlann.[2] I measc na bpáipéar tá ː

  • lámhscríbhinní dá chuid úrscéal agus gearrscéal,
  • nótaí a rinne sé agus é dhá scríobh, a obair iriseoireachta agus mar cholúnaí nuachtáin,
  • a shaothar ar ghramadach na Gaeilge, ar stair na Gaeilge, agus ar mheath na teanga sin,
  • cuid dá obair ullmhúcháin dona chuid ranganna i gColáiste na Tríonóide, áit a raibh sé ina léachtóir agus níos déanaí ina ollamh le Gaeilge,
  • páipéir ar Ghael Linn, Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile Gaeilge, agus ar pholasaí an rialtais i leith na Gaeilge (ábhair conspóide go minic),
  • a bhailiúchán téipeanna ar bhéaloideas, ar chanúintí agus le haghaidh cleachtadh foghraíochta, chomh maith le filíocht dá chuid féin agus nótaí a rinne sé le linn dó bheith i gcampa géibhinn an Churraigh,
  • a leabharlann chlóbhuailte (ina measc leabhar inar scríobh sé nótaí), agus nótaí dá chuid léitheoireachta (cuid de i bhfoirm duillíní leabharlainne dár choimeád sé).

Le feiceáil cuir in eagar

Leabhar Cheanannais cuir in eagar

Leabhar Cheanannais le feiceáil sa leabharlann seo. Sa bhliain 2019, chuaigh níos mó ná milliún duine ar cuairt chun é a fheiceáil.

 
Berkeley Library

An Long Room cuir in eagar

Sa leabharlann tá seomra mór fada ann freisin le 200,000 leabhar. Tá an Long Room 65 méadar ar fad. Chomh maithleis na leabhair, tá 40 dealbh sa seomra mór seo. Is dealbha de dhaoine cáiliúla ón stair iad. Ní raibh aon bhean ina measc go dtí 2020, nuair a cuireadh ceithre dhealbh de mhná ann, ina measc, an matamaiticeoir Ada Lovelace (1815-1852).[3] Thuig sí go raibh ríomhairí in ann níos mó a dhéanamh ná suimeanna.

Stair cuir in eagar

 

Téann stair na Leabharlainne siar chomh fada le bunú an Choláiste sa bhliain 1592.

Bronnadh pribhléid ar an Leabharlann maidir le taisceadh dlíthiúil sa bhliain 1801

Tagairtí cuir in eagar

  1. tcd.ie. "Leabharlann TCD". Dáta rochtana: 2020.
  2. "Máirtín Ó Cadhain 1905-70". www3.smo.uhi.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  3. Má Nuad (20 Samhain 2020). "Eleathanach" (368).