Leac basailt dhuibh le hinscríbhinn as Gréigis, Éigiptis iairiglifeach (le siombailí pictiúrtha), agus Éigiptis choitianta na linne is ea an Leac Rosetta (Béarlaː Rosetta Stone).[1] Tháinig saighdiúir Francach ar an gcloch mhór in aice leis an mbaile Rosetta san Éigipt sa bhliain 1799. Níor thuig éinne na hiairiglifí ag an am sin, ach leis na haistriúcháin ar an leac, léadh na hiairiglifí den chéad uair, agus uaidh sin na hinscríbhinní ar shéadchomharthaí ársa na sean-Éigipte.

WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneLeac Rosetta
Rosetta stone (anglès) agus ロゼッタ・ストーン (japonès) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldéantán seandálaíochta, Überrest agus inscríbhinn dhátheangach
CruthaitheoirTolamaes V Eipeafáinéas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh196 "RCh"
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh15 Iúil 1799
Áit ar tháinig air/uirthiFort Julien
Tréimhse amaríshliocht Tholamaeis agus an Ré Heilléanaíoch
Déanta aseibheardhióirít Cuir in eagar ar Wikidata
Méid112.3 (airde) cm × 757 (leithead) mm × 284 (horizontal depth) mm × 284 (tiús) mm
Teangaan tSean-Ghréigis agus An Éigiptis
ÚinéirMúsaem na Breataine Cuir in eagar ar Wikidata
Músaem na Breataine (Buirg Londan Camden) Cuir in eagar ar Wikidata
Catalógaíocht
Uimhir fardailEA24 Cuir in eagar ar Wikidata
Catalóg
na hiairiglifí

Stair cuir in eagar

an tsean-Éigiptis choitianta

Tá an dáta 27 Márta 196 RC luaite ar an leac. Foraithne atá ann, a dhearbhaíonn go bhfuair Tolamaes V a chuid údaráis ó Dhia.

Fuarthas sa bhliain 1799 í gar do Chathair Alastair. I rith feachtas míleata na hÉigipte, ar 15 Iúil 1799, tháinig arm Napoléon Bonaparte ar an chloch ghreanta, cúpla míle ó chathair Rosetta (Rashid sa lá atá inniu ann).

Agus bua na dteangacha aige, chaith J.J. Marcel  dreas ag obair ar an ‘Leac Rosetta’ i gCaireo agus trí script uirthi – iairiglifí;  script choitinn (Demotic)  agus an tSean-Ghréigis. Rinne fear eile, Nicolas-Jacques Conté, cóip don leac agus chur sé na hinscríbhinní a bhí le feiceáil uirthi i gcló. Mar sin, bhí sé in inmhe iad a scaipeadh i measc na scoláirí.[2]

Trí thraschomhghaolú idir na focail Gréigise is na hiairiglifí, a rinne an fisicí Thomas Young sa Bhreatain agus go príomha Jean François Champollion sa bhFrainc, léadh na hiairiglifí den chéad uair, agus uaidh sin an tsean-Éigiptis choitianta is na hinscríbhinní iomadúla iairiglifeacha ar shéadchomharthaí ársa na sean-Éigipte sna teampaill is tuamaí.

Inniu cuir in eagar

Tá an leac le fáil I Músaem na Breataine anois.[3]

Roghnaíodh an 27 Márta mar Lá an Ilteangachais.[4]

Is ón gcloch seo a fuair an spásárthach Rosetta[5] a ainm.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  2. Ollscoil Luimneach (2021-06-11). "Alphabet Irlandais & JJ Marcel (1776–1854)" (ga-IE). Unique and Distinctive. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  3. developmenteducation.ie (2023-03-07). "Teangacha dúchasacha, cultúr agus stair - DevelopmentEducation.ie". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-07. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  4. "International Day of Multilingualism" (en). International Day of Multilingualism. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  5. "Rosetta (spacecraft)" (as en) (2023-02-09). Wikipedia.