Is éard is toirchiú in vitro (TIV) ann ná próiseas toirchithe ina gcomhcheanglaítear ubh le speirm in vitro (" i ngloine "). [1] Is éard atá i gceist leis an bpróiseas ná monatóireacht agus spreagadh a dhéanamh ar phróiseas ubhsceite mná, ubhán nó ubháin (ubh nó uibheacha) a bhaint as a hubhagáin agus ligint do speirm iad a leasú i meán saothrúcháin i saotharlann. Tar éis don ubh leasaithe (siogót) dul faoi saothrúchán ar feadh 2 -6 lá, aistrítear é le cataitéar isteach san útaras, le rún toircheas rathúil a bhunú.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisLeanbh promhadáin
cuir in eagar
MeSHD005307 Cuir in eagar ar Wikidata

Próiseas cuir in eagar

Is cineál theicneolaíocht atáirgthe chuidithe é TIV a úsáidtear le haghaidh cóireála neamhthorthúlachta agus máthairionadaíochta le linn toirchis. D'fhéadfadh ubh toirchithe ó dheontóir ionchlannú a dhéanamh i útaras na máthar ionad, agus níl baint ghéinmhodhnaithe ag an leanbh a eascraíonn as sin leis an uterus ionaid.

Céimeanna cuir in eagar

  • Tugtar drugaí don bhean chun ubhsceitheadh a spreagadh. Níos cruinne fós, tugtar hormóin a spreagann foirmiú 2+ uibheacha san ubhagán.
  • Díreach roimh ubhsceitheadh, faightear roinnt de na hubháin a fhuasclaítear ó dhromchla na n-ubhagán le laparascóp. Úsáidtear snáthaid chun na huibheacha a bhaint amach. Cuirtear i meán cuí cothaitheach iad, agus cuirtear na speirmeacha leo ansin.
  • Tar éis 40 uair, déantar na hubháin a scrúdú chun déanamh cinnte de go bhfuil siad toirchithe.
  • Cuirtear roinnt uibheacha toirchithe i mbroinn na máthar ag súil go dtarlóidh ionphlandú do cheann dóibh. Ansin aistrítear ubhán toirchithe (4-8 cill) ar ais don bhroinn tríd an bhfaighin is an ceirbheacs.
  • Ansin leanfaidh gnáth-thoircheas b'fhéidir. Tarlaíonn toircheas rathúil i 10-20% de na cásanna.[2]
 
Saolaíodh an leanbh Louise Brown trí ghearradh Caesarach  : an cnáimhseoir Dr John Webster

Tá roinnt tíortha tar éis infhaighteacht cóireála TVF a thoirmeasc nó a rialáil ar shlí eile, rud is cúis le turasóireacht thorthúlachta. I measc na srianta ar infhaighteacht TIV tá costais agus aois, chun go mbeidh bean in ann toircheas sláintiúil a iompar go dtí aibíocht.

Stair cuir in eagar

Rugadh an chéad leanbh triaileadáin, Louise Brown, ar an 25 Iúil 1978, tar éis dá máthair cóireáil TIV a fháil.[3] Saolaíodh an leanbh trí ghearradh Caesarach. Rugadh Brown mar thoradh ar thimthriall nádúrtha TIV, gan aon spreagadh. san Ospidéal Oldham (Ospís an Dr Kershaw anois)[4] i Royton, Oldham, Sasana agus Dr Patrick Steptoe agus John Webster i mbun .[5]

Bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis ar Robert G. Edwards[6] sa bhliain 2010. Rinne an fiseolaí an chóireáil a chomhfhorbairt in éineacht le Patrick Steptoe agus an sutheolaí Jean Purdy ach ní raibh an dá cheann acu incháilithe lena mbreithniú mar go bhfuair siad bás agus ní bhronntar an Duais Nobel tar éis bháis.[7][8]

Ar 28 Márta 1984, rugadh Zoe Leyland,[9] leanbh triaileadáin, i Melbourne san Astráil…an chéad bhreith riamh ó thoirchiú In-vitro … agus suth reoite, a bhuí leis an teicneolaíocht nua-aimseartha ag an am, crió-chaomhnú[10] agus nítrigin leachtach (tharla breith Louise Brown gan crió-chaomhnú).[11][12]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. COGG. "Atáirgeadh Gnéasach". Dáta rochtana: 2019.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". 
  3. "Louise Brown: World's first IVF baby's family archive unveiled" (en-GB). BBC News (2018-07-24). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  4. "Home :: Dr Kershaw's Hospice". drkershawshospice.org.uk. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  5. Simon Fishel (2018-07-01). "First in vitro fertilization baby—this is how it happened" (as English). Fertility and Sterility 110 (1): 5–11. doi:10.1016/j.fertnstert.2018.03.008. ISSN 0015-0282. PMID 29908772. 
  6. "Robert Edwards (physiologist)" (as en) (2023-02-13). Wikipedia. 
  7. "World's first test-tube baby Louise Brown has a child of her own" (en). The Independent (2007-01-14). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  8. "Jean Marian Purdy remembered – the hidden life of an IVF pioneer" (June 2018). Human Fertility 21 (2): 86–89. doi:10.1080/14647273.2017.1351042. PMID 28881151. 
  9. ivf.net. "IVF News Story / Zoe Leyland". ivf.net. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  10. cryopreservation
  11. "Blog". planer.com. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  12. "BBC World Service - Witness History, The First Frozen Embryo Baby" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2023-03-27.