Leathanach gréasáin dinimiciúil

Is éard is leathanach gréasáin dinimiciúil ann ná leathanach gréasáin a sholáthraíonn ábhar saincheaptha don úsáideoir atá bunaithe ar thorthaí cuardaigh nó iarratas éigin eile. Freisin tugtar "HTML dinimiciúil" nó "ábhar dinimiciúil" orthu. Úsáidtear an téarma "dinimiciúil" nuair a thagraítear do leathanaigh Ghréasáin idirghníomhacha a cruthaíodh le haghaidh gach úsáideoir faoi leith, i gcodarsnacht leis na billiúin leathanaigh Ghréasáin statacha nach n-athraíonn.

Leathanach gréasáin dinimiciúil: sampla de scripteadh ó thaobh an fhreastalaí (PHP and MySQL).

Tá dhá príomh-chomhpháirteanna ag leathanaigh gréasáin dinimiciúla; stíl an leathanaigh, agus eolas. Cruthaítear stíl an leathanaigh ag baint úsáide as uirlisí cosúil le HTML, CSS, JavaScript srl. cé go mbíonn an t-eolas á stóráil i mbunachar sonraí ar leithligh. Nuair a huaslódáiltear leathanach dinimiciúla i mbrabhsálaí, iarrann sé ar an mbunachar sonraí i gcomhair faisnéise a chur ar fáil, ag brath ar ionchur an úsáideora. Nuair a fhaigheann an leathanach an t-eolas seo ón bhunachar sonraí, cuirtear an cód stíleála i bhfeidhm air agus taispeántar an leathanach gréasáin air agus taispeántar an leathanach gréasáin don úsáideoir mar thoradh. Mar shampla, ar shuíomh gréasáin siopadóireachta ar líne, má roghnaíonn tú fón amháin a fheiceáil, cuireann an bunachar sonraí eolas amach chugat faoin fhón sin amháin. Fanann an leathanach sin agus a thaispeáint mar an gcéanna, ach athraíonn an t-eolas de réir d'iarratais.

Chomh maith le bunachar sonraí, tá liosta fada de theicneolaíochtaí gur féidir a úsáid chun leathanaigh gréasáin dinimiciúla a dhéanamh. Seo a leanas cuid de na scripteanna is coitianta gur féidir leo idirghníomhú le bunachar sonrai: PHP, asp, ASP.net, Perl, agus Python. Is teangacha scriptithe an fhreastalaí iad seo agus fanann an cód ar an bhfreastalaí. Murab ionann agus JavaScript (teanga scriptithe) a ritheann i do bhrabhsálaí. Faigheann agus tiomsaíonn na teangacha scriptithe seo ar thaobh an fhreastalaí eolas ón bhunachar sonraí agus seoltar é chuig an bhrabhsálaí.

Tagairtí cuir in eagar