Lee Kuan Yew

an chéad Phríomh-Aire ar Shingeapór

An chéad Phríomh-Aire ar Shingeapór ba ea Lee Kuan YewHarry LeeLKY (16 Meán Fómhair 192323 Márta 2015) agus an phríomhphearsa i bpolaitíocht na tíre sin sa 20ú haois.

Infotaula de personaLee Kuan Yew
Order of Saint Michael and Saint George (en) Aistrigh

(2002) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(zh) 李光耀
Beathaisnéis
Breith16 Meán Fómhair 1923
Singeapór Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Márta 2015
91 bliana d'aois
Ospidéal Ginearálta Shingeapór, Singeapór Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaMandai Crematorium and Columbarium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Minister Mentor (en) Aistrigh
12 Lúnasa 2004 – 20 Bealtaine 2011
Senior Minister (en) Aistrigh
28 Samhain 1990 – 11 Lúnasa 2004
Member of the Dewan Rakyat (en) Aistrigh
2 Samhain 1963 – 9 Lúnasa 1965
Príomh-Aire Shingeapór
5 Meitheamh 1959 – 28 Samhain 1990
← Lim Yew HockGoh Chok Tong →
Member of the Parliament of Singapore (en) Aistrigh
22 Aibreán 1955 – 23 Márta 2015
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAgnóisí
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Fitzwilliam
Raffles Institution (en) Aistrigh
Ollscoil Náisiúnta Shingeapór
Ollscoil Cambridge
London School of Economics
Ollscoil Londan Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheOspidéal Ginearálta Shingeapór
38 Oxley Road (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmfealsamh, státaire, dlíodóir, dírbheathaisnéisí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPeople's Action Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeapáinis, An Mhandairínis Chaighdeánach, an Haiciainis, An Mhalaeis, An Tamailis, Béarla agus An tSínis
Teaghlach
CéileKwa Geok Choo (1950–2010) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLee Hsien Loong, Lee Hsien Yang, Lee Wei Ling Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLee Chin Koon  agus Chua Jim Neo
SiblínFreddy Lee
Duine muintearthaLee Choo Neo (aintín) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2285412 Cuir in eagar ar Wikidata
circa 1932

Beatha cuir in eagar

Céimí sa dlí de chuid Ollscoil Cambridge, i gCumann Onórach Teampaill Láir a rinneadh abhcóide de sa bhliain 1950. D'fhill LKY ar Shingeapór agus bhí sé ag cleachtadh mar dhlíodóir ansin go ceann naoi mbliana.[1]

 
1965

Bhain LKY próifíl phoiblí amach mar dhuine den eite chlé trína chuid oibre ar son na gceardchumann agus ceardchumainn na mac léinn. Sa bhliain 1954 bhí sé i measc na ndaoine a bhunaigh Páirtí Ghníomhaíocht an Phobail, i gcomhar le ceardchumannaithe a bhí báúil le Páirtí Cumannach an Mhalae. Ina dhiaidh sin, bhris sé an ceangal a bhí aige leis an eite chlé den pháirtí agus bhain an rialtas úsáid as reachtaíocht slándála náisiúnta dhian ina n-éadan.[1]

Bhí LKY ina Phríomh-Aire ar Shingeapór ó mhí an Mheithimh 1959 ar aghaidh, ar feadh dhá bhliain (1963-65) mar chuid de Chónaidhm na Malaeisia agus ina dhiaidh sin mar cheann rialtais ar stáit neamhspleách.

Le linn na dtríocha bliain a raibh LKY i gcumhacht, bhí méid suntasach d'fhás eacnamaíoch agus de dhul chun cinn sóisialta ann, mar aon le rialuithe dochta ar neamhord eitneach féideartha nó treascairt pholaitiúil nó thionsclaíoch, mar atá sainithe ag PAP. I réimse an dlí, an ordaithe agus an cheartais, labhair Lee Kuan Yew go láidir i bhfabhar an phionóis chorptha agus mhéadaigh a rialtas an úsáid a baineadh as go mór.[1]

 
1975

Bhí LKY i bhfabhar phionós an bháis freisin, a leathnaíodh go roinnt mhaith coireanna atá bainteach le drugaí sa bhliain 1973. Cuireadh deireadh le triail le giúiré sa bhliain 1959, lasmuigh de chásanna báis, agus maidir leis na gcionta sin chomh maith deich mbliana ina dhiaidh sin; léirigh sé sin go díreach nach raibh muinín as giúiréithe aige, ar bhonn a thaithí mar dhlíodóir i gcleachtas.[1]

Cé gurb ionann, ar an iomlán, an bunús dlí foirmeálta atá leis an tsaoirse cainte i Singeapór agus sna tíortha eile de chuid thraidisiún an dlí choitinn, tá cáineadh idirnáisiúnta mór déanta ar cé chomh minic a bhíonn daoine mór le rá i PAP, amhail Lee Kuan Yew, ag cur an dlí ar a lucht cáinte trí chásanna leabhail rathúla.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Scoil Dlí, COBAC (2021). "Lee Kuan Yew". Dáta rochtana: 2022.