Deascadh miotail, airgead nó nicil de ghnáth, ar mhiotal eile trí leictriliú. Úsáidtear an réad atá le plátáil mar chatóid i vóltaiméadar, agus is ón anóid a thagann an miotal a dheascfar. Déantar an próiseas seo mar mhaisiúchán, nó cosaint i gcoinne creimthe. Mar shampla eile, má bhíonn leictreoidí copair is leictrilít chaolaithe sulfáit chopair sa voltaiméadar, nuair a sheoltar sruth isteach san anóid, ascnaíonn na hiain chopair Cu++ amach ón anóid sa tuaslagán go dtí an chatóid. Ag an am céanna, athchomhcheanglaítear na hiain chopair le leictreoin ag an gcatóid chun adaimh chopair a chruthú. Plátáiltear an copar adamhach ar an gcatóid diaidh ar ndiaidh mar seo. Tugtar deascadh leictriceimiceachleictreaphlátáil ar an bpróiseas seo. Ag an am céanna, dianscaoileann is tuaslagann an anóid copair de réir a chéile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreaphlátáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 404.