Leithinis mħór in oirthuaisceart na hÁise is ea Leithinis Kamchatka. Tá sí 1,250 km (780 míle) ar fad. Tá Leithinis Kamchatka suite idir an Aigéan Ciúin soir agus Muir Ocatsc siar. Go díreach amuigh ó chósta an Aigéin Chiúin tá an Trinse Chúiríl-Kamchatka atá 10,500 m (34,400 troigh) ar doimhne. Gné shuntasach de thírdhreach na leithinse ná roinnt bolcán atá anois ina Suíomh Oidhreachta Domhanda ag UNESCO.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLeithinis Kamchatka
(ru) Камчатка Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálLeithinis Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinCríoch Kamchatka, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57°N 160°E / 57°N 160°E / 57; 160
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Ocatsc Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tréithe
Pointe is airdeKlyuchevskaya Sopka (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (4,800 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar270,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Cuimsíonn Leithinis Kamchatka, in éineacht leis na hOileáin Komander agus Oileán Karaginsky, Kamchatka Krai, roinn de chuid Chónaidhm na Rúise. Tá 322,079 duine ina gcónaí in Kamchatka Krai, cuid mhaith díobh in Petropavlovsk-Kamchatsky, príomhchathair an krai agus atá suite ar an leithinis féin.