Leitir Móir

ionad daonra agus oileán i gContae na Gaillimhe

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Leitir Móir[1] (Lettermore as Béarla). Is oileán í freisin, atá ceangailte leis an mórthír le droichead.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLeitir Móir

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°17′20″N 9°39′18″W / 53.289°N 9.655°W / 53.289; -9.655
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán528 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie20818

Tá Leitir Mór suite i gCeantar na nOileán i gConamara in iarthar na Gaillimhe san fhíor-Ghaeltacht. Tá Gaeilge ag 84.4% de mhuintir an cheantair, de réir an daonáirimh.

Rugadh Darach Ó Catháin sa cheantar (1922), ach d'aistrigh a mhuintir go Ráth Chairn i gContae na Mí sa bhliain 1935.

Cumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir cuir in eagar

Bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna i Halla Thír an Fhia i bhfómhar na bliana 1964. Roimhe sin bhí ar pheileadóirí ó Cheantar na nOileán imirt le Cumann Peile Chois Fharraige, Cumann Mhicheál Breathnach, Cumann Cholmcille, Cumann Peile na Ceathrún Rua nó Na Piarsaigh, Ros Muc. Bheartaigh an tAthair Micheál Ó Flannabhra agus Jimmy Rua Mac Cormaic, as Tír an Fhia, Pádraic Ó hUallacháin, Garda Síochána a bhí i Leitir Móir ag an am, Michael Mór Ó Conghaile, Maitiú Mac Donnchadha, múinteoir scoile i Leitir Móir agus go leor daoine eile cumann peile a bhunú do mhuintir Cheantar na nOileán. Ba é Maitiú Mac Donnchadha, príomhoide na scoile i Leitir Móir, an chéad Chathaoirleach agus Tomás Ó Durcáin, príomhoide Scoil an Droma, an chéad rúnaí. Rinne Jimmy Rua Mac Cormaic an fhoireann a thraenáil.

Ba iad gorm agus bán dathanna an chumainn go dtí 1971: ansin athraíodh na dathanna go dubh agus buí. Tá an mana “Misneach, Mórtas agus Muinín” ar shuaitheantas an chumainn.

I measc a n-onóracha atá bainte ag an gcumann tá Craobh Sóisir an Chontae 1983, Comórtas Peile na Gaeltachta Sóisir 1987, Craobh Idirmheánach an Chontae 1995, Craobh Sinsear an Chontae Peil na mBan 1994 agus 1995 agus Craobh Sóisir an Chontae Peil na mBan 2005 chomh maith le craobhacha an iarthair agus araile sna gráid éagsúla.[2]

Reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta sa cheantar sa bhliain 2002.

An Ghaeilge i Leitir Móir cuir in eagar

Mar a luadh cheana tá an Ghaeilge fós mar phríomhtheanga an phobail i Leitir Móir. I ndaonáireamh 2016 fuarthas amach go bhfuil Gaeilge ag 93.7% de mhuintir an oileáin agus go labhraíonn 88.7% den ndaonra Gaeilge go laethúil.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Leitir Móir/Lettermore Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-05-11. Dáta rochtana: 2009-12-08.

Naisc cuir in eagar

Cumann Peile Naomh Anna Curtha i gcartlann 2009-05-11 ar an Wayback Machine