Is dream eitneach bundúchasach ó bhunús oirthuaisceart na Stát Aontaithe iad na Lenape, ar a dtugtar freisin Len(n)i Lenape agus Delaware.[1][2] Renappi a thug na Sualannaigh orthu i ndeisceart a limistéir stairiúil, agus sa tuaisceart Loups a thug na Francaigh orthu.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaLenape

Cineálgrúpa eitneach agus treibh Bhundúchasach Mheiriceánach a aithnítear Rialtas na Stát Aontaithe
Daonra iomlán16,000 Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla agus Delaware (en) Aistrigh
CreideamhAn Protastúnachas agus Native American Church (en) Aistrigh
Ball dena Chéad Náisiúin
EapainmDelaware Bay (en) Aistrigh
Tíreolaíocht
StáitOklahoma, Wisconsin, Nua-Gheirsí agus Pennsylvania
Léarscáil dáileacháin
Suíomh Gréasáindelawaretribe.org
Lenapehoking, tír na Lenape

Ar theacht na nEorpach, chónaíodar in New Jersey, deisceart stát Nua-Eabhrac, iarthar an Oileáin Fhada, oirthear Pennsylvania agus oirthear Delaware. Inniu, cónaíonn pobail Lenape in Oklahoma (dhá ghrúpa ar a dtugtar Náisiún Delaware agus an Treibh Indiach Delaware, an pobal Stockbridge-Munsee Community in Wisconsin, agus an Náisiún Munsee-Delaware, an Chéad Náisiún Moravian na Thames agus Sé Náisiún na nDelaware in Ontario.

Cultúr cuir in eagar

Pobal Algancach iad na Lenape. Bhí—agus tá—córas sóisialta máthairlíneach acu. Bhí trí chlann mhóra acu ar a dtugadh Mac tíre, Turtar agus Turcaí. Is dócha go bhfuil an cainteoir dúchais deireanach imithe anois, ach tá iarrachtaí ar siúl chun an teanga a mhúineadh do pháistí agus daoine fásta.

Stair cuir in eagar

Le linn an 18ú haois, cuireadh an chuid ba mhó de na Lenape siar as a dtír dhúchais. Dhíbir na hOlannaigh agus na Sasanaigh iad agus d'fhear na Móháic agus na Susquehannah, grúpaí Indiacha eile, cogadh orthu (ní raibh cead ag na Lenapa airm Eorpacha a cheannach, cé gur díoladh a lán díobh don dá threibh eile seo).

Na Mórávaigh ag baisteadh daoine de lucht Lenape, greanadóireacht i mbailiúchán an Pennsylvania Historical Society

Dalta na mbundúchasach eile, fuair an t-uafás daoine den phobal bás den chalar agus de ghalair eile a tháinig isteach leis na hEorpaigh. Ghlac na Lenape taobh na gcoilíneach le linn Chogadh na Saoirse. Ach faoin am sin, ba i gcríoch Ohio a bhí an chuid ba mhó díobh. Sna 1860idí chuir rialtas na Stát Aontaithe siar go dtí an Limistéir Indiach (Oklahoma an lá atá inniu ann a bheag nó a mhór).

Stádas na Lenape inniu cuir in eagar

Inniu tá ar a laghad 16,000 Lenape ar an saol. Cónaíonn 11,195 duine díobh (2010) in Oklahoma, 1,565 in Wisconsin agus dream eile in Ontario, i gCeanada. Tá grúpaí beaga i New Jersey (na Ramapo i dtuaisceart an stáit chomh maith le scata beag trasna na teorann uathu i Nua-Eabhrac) agus banda beag eile i ndeisceart New Jersey.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. William Penn on the Leni Lenape
  2. "The American Heritage Book of Indians" (1961). American Heritage Publishing Co., Inc..