Levy Mwanawasa (Uachtarán ar an tSaimbia)

Uachtarán na Saimbia

An tríú Uachtarán ar an tSaimbia ba ea Levy Mwanawasa (3 Meán Fómhair 194819 Lúnasa 2008).[1][2] Bhí an t-éilliú i réim fud fad an chórais sa tSaimbia ag an am, agus ba mhian le Mwanawasa an chaimiléireacht a ruaigeadh.

Infotaula de personaLevy Mwanawasa

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Levy Patrick Mwanawasa
Beathaisnéis
Breith3 Meán Fómhair 1948
Mufulira, An tSaimbia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Lúnasa 2008
59 bliana d'aois
Clamart, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Stróc)
Áit adhlacthaEmbassy Park (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
3 Uachtarán na Saimbia
2 Eanáir 2002 – 19 Lúnasa 2008
← Frederick ChilubaRupiah Banda →
Cathaoirleach Eagraíocht um Aontas na hAfraice
2 Eanáir 2002 – 9 Iúil 2002
← Frederick ChilubaDeireadh an phoist →
Member of the National Assembly of Zambia (en) Aistrigh
Nollaig 1991 – 1994
Vice President of Zambia (en) Aistrigh
Nollaig 1991 – 1994
← luach ar iarraidh – Godfrey Miyanda →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Protastúnachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Saimbia Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Lusaka Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaMovement for Multi-Party Democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileMaureen Mwanawasa Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Bhí Mwanawasa ar na chéad cheannairí Afracacha a cháin réimeas Mugabe sa tSiombáib.

2004
First Lady Laura Bush, 2007

Saol cuir in eagar

Céimí de chuid Ollscoil na Saimbia, bhí Mwanawasa ag dlíodóireacht ceithre bliana sular thosaigh sé a chomhlacht féin, Mwanawasa & Company, sa bhliain 1978.[3]

Bhí Mwanawasa ina Aturnae Ginearálta ar feadh seal gairid, ó 1985 go 1986. Ansin d'fhill sé ar chleachtadh príobháideach, rud lenar lean sé ar aghaidh go dtí tús na bliana 1992.

Sa bhliain 1989 d'éirigh le Mwanawasa mar dhlíodóir an chosantóra i gcás An Leifteanant-Ghinearáil Christon Tembo, ar cuireadh ina leith go ndearna sé iarracht ar rialtas An Uachtaráin Kenneth Kaunda a chur as cumhacht. Mar sin, bhain Mwanawasa clú agus cáil amach i measc lucht an fhreasúra.

Sa bhliain 1990 a toghadh Mwanawasa ina fheisire thar ceann na Gluaiseachta ar son an Daonlathais Ilpháirtí.

An bhliain dár gcionn, bhí Mwanawasa i dtimpiste bhóthair agus thosaigh sé ag mungailt a chuid cainte (tugadh 'cabáiste' air níos déanaí).

Sa bhliain 1991 chomh maith, cheap an tUachtarán nua Frederick Chiluba (MMD) Mwanawasa ina Leas-Uachtarán é, post a bhí aige go dtí 1994. Tar éis teip air ainmniúchán uachtaránachta an MMD a bhaint amach, in éadan Chiluba, sa bhliain 1996, d'éirigh Mwanawasa as an bpolaitíocht go ceann cúig bliana.

Uachtarán

Ní raibh Chiluba i dteideal bheith ina Uachtarán ar feadh tríú téarma.

Roghnaigh Chiluba Mwanawasa mar iarrthóir an MMD i dtoghchán 2001.

Fuair Mwanawasa bua ar éigean tar éis toghchán conspóideach. Caitheadh scáil air mar gheall ar líomhaintí neamhrialtachtaí a bheadh ag tabhairt buntáiste don pháirtí ceannais.[3]

Mar sin féin, chuir Mwanawasa iontas ar go leor daoine trí iarraidh ar roinnt ceannairí de chuid an fhreasúra a bheith ina n-airí rialtais (duine san áireamh sin a cúisíodh toisc gur thug sé "cabáiste" ar Mwanawasa, ag déanamh tagairt do dhrochthaisme a bhain dó sa bhliain 1991).[4][2]

Thosaigh Mwanawasa feachtas frith-éillithe, feachtas a bhí dírithe ar an iar-Uachtarán Chiluba go hairithe. Iontas na n-iontas, cuireadh a sheanchara, Chiluba, ar a thriail maidir le caimiléireacht.[1]

Bhí Mwanawasa ar na chéad cheannairí Afracacha a cháin réimeas Mugabe sa tSiombáib.[3]

Atoghadh Mwanawasa do théarma cúig bliana eile mar Uachtarán sa bhliain 2006. Bhí Mwanawasa ag dul i ngleic leis an gcaimiléireacht go dtí lá a bháis.

 
másailéam Mwanawasa

Bás agus ómós cuir in eagar

 
másailéam Mwanawasa

Roinnt seachtainí i ndiaidh do Mwanawasa stróc a fháil, d'éag sé, agus cóir leighis á cur air i bPáras (ní raibh ach 59 air).

Nuair a bhásaigh sé, is iomaí teachtaireacht ómóis a tháinig isteach ó réimse iomlán na bpolaitíochta, ag lua an tiomantais a bhí aige d'fhorlámhas an dlí, don troid i gcoinne na caimiléireachta agus don fhorbairt eacnamaíoch.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Zambian president Levy Mwanawasa dies aged 59" (en). the Guardian (2008-08-19). Dáta rochtana: 2021-08-18.
  2. 2.0 2.1 zamobserver (2021-03-24). "The Cabbage Who Became A Piece Of Steak: Remembering Levy Patrick Mwanawasa" (en-US). The Zambian Observer. Dáta rochtana: 2022-08-19.
  3. 3.0 3.1 3.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Levy Mwanawasa". Dáta rochtana: 2021.
  4. "Why Africa needs more cabbage". The Economist. Dáta rochtana: 2022-08-19.