Lián

gaireas rothlach a úsáidtear i longa agus eitleáin

Feiste a úsáidtear i longa agus eitleáin, den chuid is mó, is ea lián, chun fuinneamh rothlaithe an innill a mhalartú ina shá leanúnach chun tosaigh is ea lián.

Liáin RMS Olympia

Chuige seo cuirtear 1-4 eiteog ar an lián, ag radú amach sa phlána ceartingearach ón mol lárnach, gach eiteog le trasghearradh aereiteoige.

De réir mar a rothlaíonn an lián, luasghéaraítear an t-uisce (i gcás na loinge) nó an t-aer (i gcás an eitleáin) ar gcúl, rud a ghineann frithfhórsa chun tosaigh. Is sá nó fórsa tiomána an fórsa deireanach seo a tharchuirtear don soitheach.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Lián". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 409.