Is é Liam Ó Cuinneagáin stiúrthóir an chomhlachta Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall, Éire, agus foilsitheoir Beo!, iris mhíosúil Idirlín.[1] Is iar-Chathaoirleach é ar Údarás na Gaeltachta chomh maith.

Infotaula de personaLiam Ó Cuinneagáin
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Lógó an tsuímh

Saol cuir in eagar

 
Gleann Cholm Cille - Eaglais Cholm Cille, eaglais Anglacánach an bhaile

Rugadh an Cuinneagánach i nGleann Cholm Cille.

Bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Chaith sé blianta ag múineadh i mbunscoil i lár Bhaile Átha Cliath

D'fhill an Cuinneagánach ar a cheantar dúchais i lár na nóchaidí le dul i mbun oibre go lánaimseartha mar stiúrthóir Oideas Gael.

Reachtálann Oideas Gael cúrsaí Gaeilge agus iad ar siúl sa samhraidh den chuid is mó. Tá a lán cúrsaí agus gníomhaíochtaí eile ar fáil ann: siúl sléibhe, potadóireacht Cheilteach, cúrsaí timpeallachta agus cultúir, péintéireacht mhara, seinm na fliúite, na feadóige stáin agus an bhodhráin, seandálaíocht agus damhsaí Dhún na nGall.

Bronnadh Gradam an Phiarsaigh ar an an Cuinneagánach ar 12 Aibreán 2011 i ngeall ar a raibh déanta aige ar son na Gaeilge.[2]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. an Cuinneagánach ar RTÉ, 2001. "Online Publishing In Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-07-16.
  2. "Gradam Liam", The Irish Times, 13 Aibreán 2011