File Astrálach is ea Lidija Cvetkovic. Rugadh í sa tsean-Iúgsláive in 1967 agus bhain sí an Astráil amach in 1980.

Infotaula de personaLidija Cvetkovic
Beathaisnéis
Breith1967
56/57 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Bhíodh sí ag obair mar mhúinteoir. Fuair sí BA ó Ollscoil Queensland agus tá sí ina síceolaí in Brisbane.[1]

Foilsíodh dánta léi ina lán irisí agus in New Music: An Anthology of Contemporary Australian Poetry (2001) . Bhain sí duiseanna ag an Sydney Poetry Festival. In 2003 bhain sí an chéad Duais Thomas Shapcott de chuid Arts Queensland as lámhscríbhinn fílíochta gan foilsiú. Bhain War Is Not The Season For Figs (2001) Duais Anne Elder mar an gcéad chnuasach filíochta ab fhearr.[2]

Tá sé ráite faoina saothar go mbaineann sé fuinneamh as ar tharla d’anachain cheana ach nach gcuireann sé drochmhisneach ort toisc go molann sé meanma an tsaoil agus slánú an anama. Scríobhtar an fhilíocht ó thaobh an imircigh de, rud a ligeann don údar stair a dhá saol a mheas go neamhchlaonta.[2]

Sliocht cuir in eagar

Everybody’s working on an exit scheme.

In an internet café a guy with dreads
extrapolates the physics of tofu
to a blonde bombshell
who’s sipping Nescafé — the latest thing
to hit Belgrade since the air raid.

On a street corner a woman, barefoot
sings old socialist songs —
Druze Tito mi ti se kunemo
da sa tvoga puta ne skrenemo . . .

Nostalgia tugs at the heart of a man passing by (Sliocht as “Return to Belgrade”)

Tá cách ag beartú bealach amach.

I gcaifé Idirlín tá fear na gruaige súgánaí
ag míniú fhisic an tófú
do spéirbhean fhionn
atá ag baint súimín as Nescafé – an rud is nua
a bhuail Béalgrád ó tharla an ruathar aeir.

Ag cúinne sráide deir bean chosnochta
seanamhráin Shóisialacha –
Druze Tito mi ti se kunemo
da sa tvoga puta ne skrenemo . . .

Tagann cumha i ndiaidh an tseansaoil ar fhear atá ag dul thart

Saothar cuir in eagar

Dánta

  • War Is Not The Season For Figs. (UQP, 2004) ISBN 0-7022-3484-2

Tagairtí cuir in eagar

  1. University of Queenland Press (UQP): Author - Lidija Cvetkovic: https://www.uqp.uq.edu.au/Author.aspx/1493/Cvetkovic,%20Lidija
  2. 2.0 2.1 Michael Brennan, “Lidija Cvetkovic”, Poetry International: https://www.poetryinternational.org/pi/poet/6156/Lidija-Cvetkovic/en/tile

Naisc sheachtracha cuir in eagar