Lily Brett

scríbhneoir Astrálach

Úrscéalaí, scríbneoir aistí agus file ón Astráil is ea Lily Brett (a rugadh mar Lilijahne Brajtsztajn in 1946 i gcampa Feldafing do dhaoine easáitithe sa Bhaváir). Bhí sí ina cónaí in Melbourne idir 1948 agus 1968, i Londain idir 1968 agus 1871 agus in Melbourne arís idir 1971-1989. Tá sí ina cónaí i Nua-Eabhrac ó 1989 i leith.

Infotaula de personaLily Brett

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Meán Fómhair 1946
77 bliana d'aois
Feldafing Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPrinces Hill Secondary College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiste, belles-lettres agus iriseoireacht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir aistí, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht agus úrscéal
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileDavid Rankin Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJessica Rankin Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinLilyBrett.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: LilyBrettAuthor Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí a tuismitheoirí Max (a rugadh mar Mojsze Brajtsztajn in 1916) agus Rose (née Rozka Szpindler, ca. 1921–1986) ina gcónaí in Łódź sa Pholainn roimh an Dara Cogadh Domhanda.[1][2] Phós siad i nGeiteo Łódź sular cuireadh chun an tsluachampa géibhinn ag Auschwitz iad.[3][4] Tháinig siad le chéile arís tar éis an chogaidh agus rugadh Brett sa Ghearmáin.[5]

Chuaigh an teaghlach chun Melbourne in 1948. Rugadh Doris, an deirfiúr ab óige, in 1950. Bhí a fhios ag Brett go raibh tubaiste ann roimhe sin ach níor lig a tuismitheoirí léi ach cuid den scéal. I gceann tamaill thosaigh sí ag léamh faoi mharú na nGiúdach. Fuair sí oideachas maith in Melbourne ach sheachain sí na scrúduithe a ligfeadh isteach san ollscoil í. Fuair sí post mar iriseoir popcheoil,[6] post a thug go Sasana agus go Meiriceá í. Tar éis di filleadh abhaile phós sí Rob Lovett (iarghiotáraí ón ngrúpa The Loved Ones) agus rugadh dhá pháiste dóibh.[7][8] I gceann tamaill scar siad ó chéile agus phós sí an t-ealaíontóir David Rankin.

Ó 1979 amach bhí sí ag scríobh filíochta, ficsin agus neamhfhicsin. D’fhoilsigh sí an chéad chnuasach filíochta aici, The Auschwitz poems, in 1986, agus é maisithe ag David Rankin.[9] Bhain an leabhar a lán duaiseanna, agus moladh a gearrscéal "Luba" chomh maith. In 1989 d’aistrigh sí féin agus Rankin go Nua-Eabhrac.[7][10]

Tháinig an chéad leabhar ficsin aici, Things Could Be Worse, amach in 1990. Foilsíodh a cúigiú húrscéal, Too Many Men, an ceann is iomráití dá cuid, in 2001.[11] Bhuaigh a seachtú húrscéal, Lola Bensky (2013), an Prix Medicis étranger sa Fhrainc in 2014.

Tá deich gcnuasach filíochta, ceithre chnuasach aistí agus seacht n-úrscéal foilsithe aici. Tá píosaí scríofa aici do roinnt mhaith nuachtán agus irisí liteartha, leithéidí Die Zeit, The Australian, Die Welt, Sydney Morning Herald, The Age agus Frankfurter Allgemeine Zeitungfrankfurter.[12]

Ficsean cuir in eagar

  • "Luba" (gearrscéal, 28 Nollaig 1988)
  • Things Could Be Worse (1990)
  • What God Wants (1992)
  • Just Like That (1994)
  • Collected Stories (1999)
  • Too Many Men (2001)
  • You Gotta Have Balls (2005)
  • Lola Bensky (2013)

Neamhfhicsean cuir in eagar

  • In Full View (1997) Macmillan Australia ISBN 978-0-7329-0895-9
  • New York (2001) Picador Australia ISBN 978-0-330-36245-0
  • Between Mexico and Poland (2002) Picador Australia ISBN 978-0-330-36386-0
  • Only in New York (2014)

Filíocht cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. Brett, Lily, "Papers of Lily Brett, circa 1946-2007," 2007: http://trove.nla.gov.au/work/35152930, National Library of Australia
  2. Overington, Caroline: http://www.theaustralian.com.au/news/inquirer/lily-brett-dad-max-manhattan-and-me/news-story/ccd01d84631ce888408f4aa02b0e150a?nk=af91f3565d1563e382fd20b5920167fc-1465547822, "Lily Brett: Dad Max, Manhattan, and me," The Australian, 7 May 2016
  3. Brett, Lily, "Papers of Lily Brett, circa 1946-2007," 2007: http://trove.nla.gov.au/work/35152930, National Library of Australia
  4. Overington, Caroline: http://www.theaustralian.com.au/news/inquirer/lily-brett-dad-max-manhattan-and-me/news-story/ccd01d84631ce888408f4aa02b0e150a?nk=af91f3565d1563e382fd20b5920167fc-1465547822, "Lily Brett: Dad Max, Manhattan, and me," The Australian, 7 May 2016
  5. "Eine Entgleisung" (German). Die Zeit.
  6. Kent, David Martin (September 2002). "The place of Go-Set in rock and pop music culture in Australia, 1966 to 1974" (PDF): 9, 13, 54, 60–64, 68, 73, 128, 139–140, 226, 237. Canberra, ACT: University of Canberra.  Curtha i gcartlann 2015-09-04 ar an Wayback Machine
  7. 7.0 7.1 "Islander Lily Brett – Nothing is valuable, except for love". Shelter Island Reporter.
  8. "Weddings: Rivka Bernstein, Paris Lovett". The New York Times.
  9. Brett, Lily; Rankin, David: The Auschwitz Poems, 1986, Scribe: isbn = 978-0-908011-10-0
  10. "Lily Brett b. 1946".
  11. "Too Many Men by Lily Brett". Publishers Weekly.
  12. "Lily Brett articles:". Die Zeit Standard.

Naisc sheachtracha cuir in eagar