Linda Martin

amhránaí Éireannach

Rugadh Linda Martin i gContae Thír Eoghain ar an 17ú lá de mhí Aibreáin, sa bhliain 1953. Is amhránaí Éireannach í, agus oibríonn sí mar léiritheoir freisin. De ghnáth, oibríonn sí i bPoblacht na hÉireann, agus tá clú agus cáil uirthi san Eoraip, mar bhuaigh sí Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1992. Bhí sí ina hionadaí ar Éirinn, agus bhuaigh an tír seo trí am ina dhiaidh sin, ar dtús sa bhliain 1993 (Niamh Kavanagh-'It's For You'), 1994 (Paul Harrington agus Charlie McGettigan-'Rock N' Roll Kids') agus sa bhliain 1996 (Eimear Quinn-'The Voice').

Infotaula de personaLinda Martin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Márta 1952
72 bliana d'aois
An Ómaigh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, láithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1969 –
SeánraPopcheol
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilPolydor Records
Columbia Records Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1992Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 1992
1984Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 1984 Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1215386 Musicbrainz: 467592d7-40e7-43b7-8efe-d52b7a03f94f Discogs: 279873 Cuir in eagar ar Wikidata
Linda Martin

Chips cuir in eagar

Thosaigh Martin ag obair le ceoil nuair a ghlac sí páirt sa banna ceol 'Chips' i 1969. Sna '70í, bhí Chips ceann de na grúpaí ceoil is fearr, agus bhí cúpla amhránaí cáiliúil acu go dtí an lá seo: "Love Matters", "Twice a Week" agus "Goodbye Goodbye". I 1983, d'fhág Martin Chips agus thosaigh sí ag canadh ina haonar.

Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse cuir in eagar

Ghlac Martin páirt i gComórtas Amhránaíochta Náisiúnta ceithre huaire le Chips, ach níor éirigh leo an comórtas a bhuachan. Ach sa bhliain 1984, nuair a chan sí ina haonar sa chomórtas atá i gceist, bhuaigh sí le 'Terminal 3'. Scríobh Johnny Logan an t-amhrán seo leis an ainm 'Sean Sherrard'.

Chuaigh Linda go Lucsamburg agus rinne sí dara as 19 ar an oíche. Bhuaigh an tSualainn le 'Herreys' agus 'Diggiloo, Diggiley'.

Ina haonar, chuaigh Linda go dtí An Comórtas Amhránaíochta Náisiúnta ceithre huaire go léir, agus am amháin eile mar 'Linda Martin and Friends'. Dá bhrí sin is í an duine a ghlac páirt is minice sa tír seo, ag iarraidh áite sa Chomórtas Eoraifíse.

Fuair Linda áit i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse arís i 1992, ina hionadaí ar Éireann, leis an amhrán 'Why Me'. Bhí an comórtas suite i Malmo sa chás seo, agus rinne Linda níos fearr ná 22 tír eile, agus 155 pointe faighte aici. Scríobh Johnny Logan 'Why Me' freisin.

Saol Linda le déanaí cuir in eagar

Ó 2000, rinne Linda obair le 'You're a Star' ar RTÉ, an X-Factor, le Louis Walsh, agus sna saoire seo is réalta í ar an seó 'Menapause: The Musical' le Adelle King.

Tagairtí cuir in eagar