Is éard is lionsa ann ná gléas optúil thrédhearcach tarchurach, a théann i bhfeidhm ar fhócas ga solais trí athraonadh. Bíonn lionsa simplí comhdhéanta d'ábhar amháin, bíodh is go mbíonn comhlionsa comhdhéanta de roinnt lionsaí simplí (eilimintí), go hiondúi ar feadh aise coitinne. Déantar lionsaí as ábhair thrédhearcacha, mar shampla gloine, meilte agus snasaithe go dtí cruth atá ag teastáil. Is féidir le lionsa solas a dhíriú chun íomhá a cruthú, murab ionann agus priosma, a athraonann solas gan fócasú. Gléasanna den chineál céanna a athraonann radaíocht, seachas solas infheicthe, tugtar lionsaí orthu freisin, a leithéid agus lionsaí micreathonnta nó lionsaí fuaimiúla. Is féidir le dhá gha chomhthreomhara solais tríd an lionsa a inréimniú le fócasú ag pointe, nó a eisréimniú, ag brath ar chruth an lionsa. Tagann an focal lionsa ón ainm Laidine ar an lintile (Lens culinaris), toisc go mbíonn cruth cosúil leis an lintile ag lionsa dúbailte-dronnach. Is é géineas na bplandaí lentile ná Lens, agus is é an speiceas is coitianta a itear ná Lens culinaris. Tugann an planda seo a ainm d'fhíor gheoiméadrach freisin.

Is féidir lionsaí a úsáid chun solas a díriú

Is é an an lionsa Nimrud an déantán réamhstairiúil is sine, ag dul siar 2700 bliain (7ú haois RC) go dtí aimsir na hAisiriaigh ársa. Mhol David Brewster go bhféadfadh sé a bheith in úsáid mar ghloine formhéadúcháin, nó mar dhó-gloine chun tinte a thusnú trí sholas a dhíriú ón ghréin. Tá luath thagartaí eile ann faoi fhormhéadú i bhfad siar go dtí iairiglifí na hÉigipte Ársa, san 8ú haois RC, a thaispeáint " lionsaí meinisceala simplí déanta as ghloine ".

Sainítear lionsa lena fhad fócasach (an fad idir an lár optúil agus príomhfhócas an lionsa). Is í an f-uimhir cóimheas thrastomhas an chró is an fhaid fhócasaigh. Úsáidtear lionsaí go forleathan in ionstraimí optúla, déshúiligh, teilgeoirí is ceamaraí, agus de ghnáth is as gloine a dhéantar iad, uaireanta as plaisteach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Lionsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 412.